Bhain an léiritheoir agus iriseoir Proinsias Ó Coinn gradam mór amach ag Féile na Meán Ceilteach 2026 i mBéal Feirste nuair a bhuaigh sé an Fóram Pitseála Fuaime lena thogra nua fuaime, The Frozen Boy, agus duais £2,000 leis an tionscadal a fhorbairt.
Bhí an togra ar cheann de na smaointe ba mhó a tharraing aird na gcoimisinéirí agus na gcraoltóirí a bhí i láthair ag an bhféile, a thug ardán do chruthaitheoirí ábhair ar fud na dtíortha Ceilteacha.
Ag labhairt dó le An Páipéar i ndiaidh an bhua, mhínigh Ó Coinn go bhfuil an clár bunaithe ar scéal mistéireach buachalla óig a chuaigh ar iarraidh i gcontae an Dún in 1938.
“Tá sé uilig faoin bhuachaill óg seo a chuaigh ar iarraidh in 1938,” a dúirt sé. “Cuireadh amach ón rang é ar scoil agus chuaigh sé chuig an tsiopa áitiúil. Deich lá ina dhiaidh sin aimsíodh a chorp sna sléibhte, thart ar dhá mhíle dhéag ón áit ar imigh sé. Tá a lán ceisteanna ann faoin dóigh ar tharla sé sin agus sin atá muid ag iarraidh a fhiosrú.”
Ní hamháin gur fiosrúchán stairiúil atá sa togra, ach tá gné láidir bhéaloidis fite fuaite leis an scéal chomh maith.
“Chuir an sagart áitiúil mallacht ar phobal amháin mar níor chuidigh siad leis an bhuachaill agus tá daoine ann go dtí an lá inniu a chreideann go bhfuil ceangal idir an mhallacht sin agus básanna a tharla sa cheantar leis na glúnta,” a dúirt sé. “Tá an béaloideas agus an fhírinne stairiúil measctha le chéile sa scéal seo.”
Dúirt Ó Coinn go bhfuil ceangal pearsanta aige leis an ábhar, mar gur chuala sé an scéal óna mhuintir féin agus é ag fás aníos.
“Tá mé ag iarraidh an scéal seo a insint ar mhaithe le Jimmy agus ar mhaithe lena mhuintiri. Tá mise mar chuid bheag den scéal, ach ní fúmsa atá sé. Tá mé ag iarraidh an méid eolais is féidir a aimsiú agus deireadh éigin a chur leis an scéal seo.”
Dúirt sé freisin go bhfuil luach ar leith ag baint leis an deis smaointe a chur os comhair lucht coimisiúnaithe.
“Fiú mura bhfaigheann tú an t-airgead, faigheann tú aiseolas ar do smaoineamh. Bíonn sé sin chomh luachmhar céanna. Má tá suim ag craoltóir ann, tá a fhios agat go bhfuil tú ar an bhóthar ceart.”
Tagann an bua seo deich mbliana tar éis d’Ó Coinn gradam a bhaint amach ag an bhféile chéanna don chlár faisnéise raidió is fearr, rud a dhearbhaíonn arís a cháil mar dhuine de na scéalaithe fuaime is cumasaí sa tír.