Bhain an clár faisnéise Blas Speisialta, a thug ómós do Ghearóid Ó Cairealláin, duine de mhórlaochra athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste, Gradam an Chláir Faisnéise is Fearr ag Féile na Meán Ceilteach i mBéal Feirste an tseachtain seo. Rinne an clár ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar an scríbhneora, iriseora, aisteora agus ghníomhaí Gaeilge nach maireann, fear a raibh tionchar ollmhór aige ar fhorbairt na Gaeilge sa chathair agus níos faide i gcéin.
Ag labhairt di le An Páipéar i ndiaidh an bhua dúirt léiritheoir an chláir, Niamh Nic Oistigín, gur pribhléid mhór a bhí ann scéal Ghearóid a insint. Dúirt sí gur “laoch i measc na laochra” a bhí ann agus duine a raibh fís agus misneach neamhghnách aige le linn na mblianta ba dheacra do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste.
Mhínigh Nic Oistigín gur theastaigh uaithi sa chlár léargas a thabhairt ní hamháin ar shaol Ghearóid féin ach ar an bpobal Gaelach a chuidigh leis an t-athrú mór a bhaint amach. Cé nach as Béal Feirste ó dhúchas í, dúirt sí go bhfuil meas ar leith aici ar phobal Gaeilge na cathrach tar éis di deich mbliana a chaitheamh ann. “Tá siad i gcónaí ag smaoineamh ar an todhchaí agus ar an gcéad ghlúin eile. Ba é sin an cineál físe a bhí ag Gearóid fosta,” a dúirt sí.
Thug sí moladh speisialta do mhuintir agus do chairde Ghearóid a ghlac páirt sa chlár. Luaigh sí a bhean Bríd, a mhac Aodán agus daoine eile a roinn cuimhní pearsanta agus mothúchánacha faoin bhfear a raibh meas chomh mór sin air. Dar léi, bhí oscailteacht agus macántacht na rannpháirtithe ríthábhachtach chun scéal iomlán Ghearóid a chur os comhair an phobail.
Dúirt Nic Oistigín go bhfuil oidhreacht Ghearóid le feiceáil go soiléir fós inniu. Bhí lámh aige i mbunú agus i bhforbairt tionscadail a bhfuil tionchar mór acu fós, ina measc an Chultúrlann, Meánscoil Feirste agus Raidió Fáilte. “Níor éirigh le gach rud a ndearna sé iarracht air, ach mhair na rudaí ba thábhachtaí agus tá siad ag dul ó neart go neart fós,” a dúirt sí.
Chreid sí freisin gur scéal é seo a bhaineann le pobail mhionteangacha ar fud na dtíortha Ceilteacha. “Léiríonn saol Ghearóid cad is féidir a bhaint amach nuair a bhíonn fís, diongbháilteacht agus pobal láidir taobh thiar de ghluaiseacht. Sin an fáth, b’fhéidir, gur bhain an clár seo chomh mór sin leis an lucht féachana,” a dúirt sí.
Leis an ngradam seo, tá aitheantas eile tugtha do shaol agus d’oidhreacht Ghearóid Uí Chairealláin, fear ar fhág a shaothar lorg buan ar shaol na Gaeilge i mBéal Feirste agus ar fud na tíre.