Gradam Spiorad na Féile do Na Lumière Gaelacha ag Féile na Meán Ceilteach

Darina Clancy ó Cormorant Films a bhuaigh gradam Spiorad na Féile don chlár faisnéise Na Lumière Gaelacha

Bhain an clár faisnéise Gaeilge Na Lumière Gaelacha gradam mór idirnáisiúnta amach ag Féile na Meán Ceilteach i mBéal Feirste nuair a bronnadh an duais iomráiteach Spiorad na Féile air. Bhí an fhéile ar siúl idir an 2 agus an 4 Meitheamh agus mheall sí craoltóirí, léiritheoirí agus gairmithe meán ó thíortha Ceilteacha éagsúla.

Insíonn an clár scéal na ndeartháireacha Horgan as Eochaill, Contae Chorcaí, a bhí ar thús cadhnaíochta i saol na grianghrafadóireachta, na scannánaíochta agus na beochana in Éirinn ag tús an fhichiú haois. Cormorant Films a léirigh an saothar agus rinneadh é a scannánú i gContaetha Chorcaí agus Phort Láirge.

Ag labhairt le An Páipéar, dúirt Darina Clancy, bainisteoir agus stiúrthóir Cormorant Films agus léiritheoir agus stiúrthóir an chláir, go raibh sí fós faoi gheasa ag an mbua. “Níor chreid mé é nuair a fógraíodh é agus níl mé cinnte go gcreidim go fóill é,” a dúirt sí. “Bhí thart ar 500 iontráil sna gradaim éagsúla agus is éacht ann féin é a bheith ar an ngearrliosta. Ansin an gradam seo a bhuachan, gradam a léiríonn spiorad iomlán na féile, tá sé dochreidte.”

Mhínigh Clancy gur bhain tábhacht ar leith leis an aitheantas mar gur comhlacht léiriúcháin beag é Cormorant Films atá lonnaithe idir oirthear Chorcaí agus iarthar Phort Láirge. “Léiríonn sé an tallann agus an scil atá ar fáil sa réigiún seo. Ní hamháin gur bua dúinne é, ach is bua é don scannánaíocht Ghaeilge agus don chruthaitheacht taobh amuigh de na mórionaid léiriúcháin,” a dúirt sí.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, gur teist ar cháilíocht agus ar chruthaitheacht léiritheoirí neamhspleácha na Gaeilge é an gradam. “Comhghairdeas leis na buaiteoirí ar fad,” a dúirt sí.

Creideann Clancy go neartaíonn an bua seasamh Chorcaí mar bhaile nádúrtha scannánaíochta agus beochana na hÉireann. “Caithfidh scéal na ndeartháireacha Horgan dul timpeall an domhain anois,” a dúirt sí. “Tá an scéal idirnáisiúnta agus tá sé tábhachtach go bhfeicfidh lucht féachana níos leithne an méid a bhain siad amach.”

Na Lumière Gaelacha ar fáil le féachaint anois ar Sheinnteoir TG4, le fotheidil, áit ar bith ar domhan.