Kamĩriithũ: Amharclann Réabhlóideach na Céinia

An Dr. Kerron Ó Luain

Chuaigh an fealsamh díchoilínithe mór le rá, Ngũgĩ wa Thiong’o, ar shlí na fírinne tráth an ama seo an bhliain seo caite. D’fhág Ngũgĩ oidhreacht ollmhór intleachtúil ina dhiaidh. Tarraingíonn Gaeil, agus pobail eile ar fud na cruinne atá faoi bhrú ón impiriúlachas cultúrtha, ar ghaois an fhathaigh fhir seo go fóill.

Ina leabhar Barrel of a Pen Resistance to Repression in Neo-Colonial Kenya pléann Ngũgĩ cumhacht na hamharclannaíochta. In 1976 bhí lámh aige, i dteannta daoine eile, i mbunú an Ionaid Pobail Oideachais agus Cultúrtha Kamĩriithũ. Bhí an tionscadal ar cheann de na bearta cultúrtha ba radacaí a bunaíodh san Afraic sa ré “iarchoilíneach”.    

Is sráidbhaile beag é Kamĩriithũ in aice Limuru i gContae Kiambu, an Chéinia. Bunaíodh an sráidbhaile in 1953 mar “sráidbhaile géibhinn” éigeandála faoi pholasaí an “tsráidbhailtiaithe”. Dearadh é chun teagmháil idir na Mau Mau agus a lucht tacaíochta a bhriseadh. Baineadh an polasaí go díreach ó réimse coilíneach eile sa Mhalae, áit ar chuir na Sasanaigh polasaí na “mbailte nua” i bhfeidhm faoi Phlean Briggs in 1950. Chruthaigh an dá chóras campaí timpeallaithe le sreang dheilgneach agus é mar aidhm na gluaiseachtaí treallchogaíochta a scaradh ó phobail tuaithe. 

Amhail na sráidbhailte sa Mhalae, mhair Kamĩriithũ i bhfad tar éis neamhspleáchas foirmiúil a bhaint amach. B’oibrithe talmhaíochta formhór lucht an tsráidbhaile. B’fhoinse saothar ar bheagán costais iad na hoibrithe d’eastáit tae agus caife Limuru, comhlachtaí ilnáisiúnta amhail Bata, agus na héilítí dúchasacha.

B’shin an comhthéacs, pobal a múnlaíodh tríd an díláithriú, dúshaothrú, agus blianta fada den smacht stáit, inar fhorbair Ionad Pobail Oideachais agus Cultúrtha Kamĩriithũ mar thionscadal fuascailte ón mbun aníos i lár na 1970í. 

Ní ón rialtas a tháinig an tionscnamh, ach ó iarratas díreach ó lucht an tsráidbhaile. Mar is cuimhin le Ngũgĩ wa Thiong’o, tháinig bean áitiúil, Bean Uí Armon, chuig a dhoras ag impí air. “Cloiseann muid go bhfuil neart oideachais agat”, a dúirt sí. “Níl an t-iomlán uainn; díreach braon de”. De thoradh an chuiridh seo tugadh Ngũgĩ wa Thiong’o agus Ngũgĩ wa Mirii isteach i gcroílár an phobail.

Níor tháinig an bheirt isteach sa sráidbhaile mar shaoithe ón taobh amuigh agus iad ag iarraidh na tuathánaigh a “nuachóiriú”. Reáchtáladh coiste Ionad Pobail Oideachais agus Cultúrtha Kamĩriithũ ar bhonn daonlathach agus deineadh na cinntí le chéile.

Tháinig dream daoine fásta a bhí ar thóir na liteartha le chéile san ionad. Ba ghearr gur scríobh siad scéalta a shaoil, scéalta a bhí mar bhunús do chéad dráma an ionaid, Ngaahika Ndeenda. Rinneadh neart leasaithe ar script an dráma de réir aiseolais an phobail. Sa chaoi seo, níorbh intleachtóirí seachtracha a bhí sa bheirt Ngũgi. Bhí siad rannpháirteach sa phróiseas agus ag foghlaim, i rith an ama, faoi stair agus streachailtí cosmhuintir an tsráidbhaile.

Ba léir an t-éiteas seo i gcruth fisiciúil na hamharclainne chomh maith. Ligeadh an seanhalla óige ar an sráidbhaile dul in éag i ndiaidh an neamhspleáchais. Halla balla feidín a bhí ann agus chuaigh sé as feidhm i ndiaidh do Chomhairle Ceantair Limuru dul ar lánscor in 1974. Ghlac an pobal seilbh ar an láthair ceithre acra chun bac a chur ar an ngrabáil talún.

Dhear siad amharclann faoin aer dóibh féin as cipíní ar dtús báire, sular thóg siad an fíorstruchtúr trí phróiseas ar ar ghlaoigh siad “Harambee of Sweat”. Dhiúltaigh siad do mhaoiniú a d’ofráil na héilítí agus charn siad a n-acmhainní agus saothar féin. Ba mhúnla eisiach Kamĩriithũ, mar sin: amharclann a thóg na daoine ar son na ndaoine.

Léiríodh an céad dráma ar an 2 Deireadh Fómhair 1977. Ar feadh seacht seachtaine, gach Satharn agus Domhnach, d’fhreastail 2,000 duine ón gceantar máguaird agus Nairobi ar an amharclann. Ach lena hais sin, bhí tóir ar na himeachtaí eile; na cleachtaí, na seisiúin oideachais pholaitiúil agus na hócáidí cultúrtha. B’iomaí uair a bhí suas le 10,000 duine i láthair ag na himeachtaí sin, leibhéal rannpháirtíochta in amharclannaíocht na Céinia nach rabhthas ag súil leis.

Léiríodh Ngaahika Ndeenda sa teanga Gikuyu, agus é mar aidhm ceangail a dhéanamh le gnáthshaol iad siúd gan talamh agus a bhí ag fulaingt de bharr na dúshaothraithe agus na héagothromaíochta aicmí. Baineadh geit as an stát. Chinn an Coimisinéir Ceantair Eliud Njenga cosc a chur ar an dráma agus ceadúnas an ionaid a chealú, de bharr go raibh “coimhlint aicmeach á spreagadh” ag an amharclann. 

Tharla agóidí ina dhiaidh sin agus ar an 31 Nollaig 1977 gabhadh Ngũgĩ wa Thiong’o agus coinníodh é gan triail. Ach níor tháinig deireadh leis an ngluaiseacht. Lean na ranganna liteartha ar aghaidh. Nuair a scaoileadh Ngũgĩ saor, d’fháiltigh an pobal dó agus cuireadh tús leis an dara dráma, Maitu Njugira (A Mháthair, Can Dom). 

Leathnaigh an léiriúchán seo bunús cultúrtha na hamharclainne. Tógadh isteach cineálacha éagsúla ealaíon ó phobail eile na Céinia agus bhí rannpháirtithe ó fud fad na tíre ann. Bhí an téama níos polaitiúla fós; go leantar ar aghaidh leis an gcur faoi chois coilíneach trí struchtúir an nuachoilíneachais.

Thosaigh na cleachtaí in 1982 agus rinneadh iarracht an dráma a léiriú ag Amharclann Náisiúnta Céinia. Nuair a tháinig an grúpa i láthair i Mí Feabhra, bhí an foirgneamh faoi ghlas agus chuir rinne na póilíní ruathar orthu. Bhog siad chuig Ollscoil Nairobi, áit ar léirigh siad an dráma ar feadh deich n-oíche os comhair lucht féachana 1,000 duine. 

Tháinig an ollscoil faoi bhrú ón rialtas agus cuireadh deireadh leis an léiriú. Roinnt laethanta ina dhiaidh sin cuireadh deireadh leis an ionad in Kamĩriithũ, cuireadh an coiste stiúrtha ar lánscor agus dódh chun talún an amharclann faoin aer. Tógadh ionad oideachais do dhaoine fásta ar an láthair ina dhiaidh sin. B’iarracht shiombalach é seo chun cuimhne na ndaoine ar an ngníomh comhchoiteann a scrios.

Bhagair Kamĩriithũ ar stát na Céinia ar thrí phríomhchúis. Ar dtús báire, slógadh an pobal i dtreo na rannpháirtíochta agus úsáideadh an amharclann mar ghléas don oideachas polaitiúil do dhaoine a bhí coinnithe amach ó dhioscúrsa lucht an cheannais. An dara rud ná gur tugadh dúshlán don stádas ceannasach an Bhéarla trí leas a bhaint as na teangacha dúchasacha, rud a laghdaigh an smacht a bhí ag na héilítí a labhair Béarla ar an dioscúrsa polaitiúil. Agus, ar deireadh, ba mhúnla é don daonlathas féineagraithe, rud a léirigh treo eile a d’fhéadfadh briseadh ón riail údarásach.

Le filleadh ar Éirinn, d’fhreastail mé ar léiriú ar Chaitlín Ní Uallacháin de chuid na gCleasaithe, dream Gaeil a tháinig le chéile go neamhspleách chun drámaí Gaeilge a chur ar bun, in Ionad an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath. Is forbairt dhearfach don fhrithbheartaíocht Ghaelach a leithéid a bheith tagtha ar an bhfód agus tá roinnt macallaí de Kamĩriithũ le sonrú ina gcuid oibre go dtí seo. Treise leo.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.