I sráidbhaile beag ciúin i Muilte Farannáin i gContae na hIarmhí tá mainistir an-ársa. Téann a stair fhada siar go dtí an triú haois déag nuair a bhunaigh na Proinsiasaigh an mhainistir. Thug an Normannach, William Delamer, cuireadh do na manaigh teacht agus bhronn sé tailte orthu ansin. Ar leacht cuimhneacháin Delamer ó 1306 taobh istigh den fhoirgneamh ta scrófa ‘tiomanta d’onóir Dé agus do Naomh Proinsias’. I mbliana tá siad san áit le seacht gcéad fiche bliain.
Le déanaí thug mé cuairt aran mainistir seo, atá cúig noiméad déag ón Mhuileann gCearr gar do Loch Uail. Lá grianmhar a bhí ann le borradh agus fás i ngach ní. Bhí cuma aoibhinn ar an mainistir, na crainn faoi dhuilliúr, na gáirdíní daite le bláthanna agus glór na n-éan le cloisteáil. Áit a bhfuil áilleacht agus suaimhneas iontach ann. Ach ní raibh sé amhlaidh i gcónaí. Tá stair shuaite ag an bhfoirgneamh ársa seo.
D’athraigh an saol go mór nuair a tháinig Eilís I i gcumhacht i Sasana. Ba í Eilís iníon le hAnraí VIII agus Ann Boleyn. Tháinig sí i gcumacht i ndiaidh a deirféar, Máire, in 1558. B’ábhar mór spéise do dhaoine ar fud na hEorpa a dearcadh ar cheist an chreidimh. Dá leanfadh sí de pholasaí a deirféar i dtaobh an Chaitliceachais, ní bheadh aon athrú mór ar an saol. Ach ba pholaiteoir críonna fadradharcach í Eilís I, agus thaobhaigh sí leis an bProtastúnachas.
In 1560 ritheadh dhá acht i bParlaimint na hÉireann a bhí i bhfeidhm i Sasana cheana féin. Thug Acht an Ardcheannais ceannas ar an Eaglais in Éirinn don Bhanríon. Ach ba leor léi an teideal Gobharnóir na hEaglaise, ag cur in iúl nár éiligh sí ceannas ar an gcléir. Ba léir go raibh súil go maolófaí míshásamh na gCaitliceach leis an acht dá bharr sin. Chuir Acht an Chomhionannais iallach ar gach duine freastal ar eaglais an stáit gach Domhnach, agus an dara Leabhar Urnuithe a chum Cranmar a úsáid.
Gearradh fíneáil nó téarma príosúnachta ar Chaitlicigh na hÉireann as gan freastal ar eaglais an stáit. D’fhulaing mainister Mhuilte Farannáin go mór faoi réimeas Eilís I. Scríobh sí litir chuig an bhFear Ionaid in 1600 ag gearán faoi na manaigh. Ba é an tuairim na Banríona gur i mainister Mhuilte Farannáin a rinneadh Cogadh na Naoi mBliana, is é sin éirí amach Aodha Uí Néill, a phleanáil. Is suimiúil an rud é go bhfuil sé amuigh ar an mainistir chéanna gurbh ann a leagadh amach na pleananna d’Éirí Amach 1641 freisin. Ag éirí as an litir sin ón mbanríon thug Easpag Protastúnach na Mí barántas an Fhir Ionaid do Sir Francis Shane a bhí ina shirriam san Iarmhí chun toil na banríona a chur i gcrích. Ní raibh meas ag Shane ar na manaigh. Chuir sé síos orthu mar ‘naíonra de gach cleachtas diabhalta… nead scairpeanna’. Ar an tríú lá de Dheireadh Fómhair 1601, oíche roimh Fhéile Naomh Proinsias de Assisi, tháinig Shane agus buíon saighdiúirí aniar aduaidh ar an mainistir faoi choim dhorchadas na hoíche. Bhí na manaigh ar a slí ar ais go dtí a gcealla tar éis feascar tráthnóna nuair a tháing Shane orthu. Bhí cuid acu in ann éalú uaidh, ach gabhadh seachtar díobh agus cuireadh i bpríosún iad. Fuair triúr de na manaigh bás agus iad i lámha a ngabhálaithe. Chaith Shane agus a shaighdiúirí dhá lá sa mhainistir agus nuair a bhí gach rud luachmhar goidte acu chuir siad an foirgneamh trí thine. Ní raibh fágtha sa deireadh thiar den mhainistir ach na fallaí. Chum Lochlann Ó Dálaigh an dán, Uaigneach ataoi, a theach na mBráthar chun mothucháin na ndaoine croíbhrististe a nochtadh.
Ainneoin an bháis agus an scriosta, bhí na manaigh ar ais i Muilte Farannáin roimh dheireadh 1601 agus roimh i bhfad bhí botháin tógtha acu faoi fhoscadh na bhfallaí. Thugadar faoi dhíon a chur ar chuid den séipéal ach sula raibh sé críochnaithe acu chuir buíon saighdiúirí an áit trí thine aris in 1604. Thart ar 1630 atógadh an séipéal ach scrios saighdiúirí Chromail é in 1650. Chuir na manaigh fúthu ar feadh tréimhse ina dhiaidh sin i gCoill an Ridire cúpla mile ón mainistir. In 1730 tháinig siad ar ais go Muilte Farannáin agus i rith an ochtú céad déag bhíodar ina gcónaí ansin i dtithe ceann tuí. Fágadh an séipéal ina fhothrach ó aimsir Chromail anuas go 1826 nuair a cuireadh tús le hobair atógála. Chuir na manaigh coláiste talmhaíochta ar bun in 1956. Is iontach an ceiliúradh atá acu i mbliana tar éis 720 bliain ar an bhfód.
Is múinteoir meánscoile, ealaíontóir, scribhneoir agus staraí í Nuala Holloway a bhfuil BA, Ard-Dioplóma san Oideachas agus MA aici.