Léamhthuiscint: Constance Markievicz, an chuntaois dhearg

Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Grianghraf: William Murphy

Bhí Constance Gore-Booth Markievicz ar dhuine de na ceannairí réabhlóideacha is cáilúla in Éirinn. San alt seo foghlaimeoimid faoina saol, agus a luathpholaitíocht. 

Rugadh Constance Gore-Booth i Londain in 1868. Ba de shliocht uasaicmeach í. Is teaghlach Angla-Éireannach iad muintir Gore-Booth agus bhí eastát acu i gContae Shligigh. Tá an teach mór a bhí acu fós ann, Teach Lios an Daill. Ba thaisceálaí Arctach é a hathair Henry George Booth. Bhí beirt iníonacha aige, Eva agus Constance. Chuaigh an bheirt acu ar aghaidh le páirt a ghlacadh sa pholaitíocht. Chuaigh Eva isteach in ngluaiseacht an lucht oibre agus bhí sí páirteach san fheachtas chun cearta vótála a fháil do mhná. Bhí suim ag Constance i gcearta vótála na mban freisin ach bhí i bhfad níos mó suime aici sa phoblachtánachas agus sóisialachas.

Bhí suim aici san ealaín agus bhí sé de nós aici dul go Páras. Uair amháin nuair a bhí sí ar chuairt ann chas sí leis an gCunta Casimir Markievicz ón bPolainn. Phosadar nuair a fuair a chéad bean chéile bás, agus ón bpointe sin bhí sí ina cuntaois. Tar éis di filleadh ar Éirinn chuaigh sí isteach in Iníonacha na hÉireann agus Sinn Féin. Nílimid cinnte cén fáth ar threig sí a saol uasaicmeach, ach faoin am seo bhí sí ag fanacht i mbothán beag sna sléibhte.

In 1909 bhunaigh sí Fianna Éireann le Bulmer Hobson faoin ainm “Na Fianna Éireann”.  Bhí na Fianna an-chosúil le gluaiseacht na ngasóg a bhunaigh Robert Baden-Powell i Sasana, ach bhí cuma i bhfad ní ba mhíleata ar an ngluaiseacht Éireannach, agus na buachaillí ag foghlaim conas airm thine a úsáid. Ba é dearcadh Phádraig Mhic Phiarais go raibh an tábhacht chéanna ag baint leis na Fianna agus le hÓglaigh na hÉireann, a cuireadh ar bun in 1913.


Ceisteanna buntuisceana

  1. Cá háit ar rugadh Constance Markievicz?
  2. Scríobh trí phíosa eolais faoina teaghlach.
  3. Scríobh píosa eolais faoina deirfiúr.
  4. Cén fáth a raibh sé de nós aici dul go Páras?
  5. Scríobh dha phíosa eolais faoina fear céile.
  6. Céard a rinne sí in 1909?
  7. Déan cur síos ar an ngrúpa Fianna Éireann.