Na bunuimhreacha 20+
Tá dhá chóras chaighdeánacha ann le bunuimhreacha os cionn 20: an Córas Seanbhunaithe agus an Córas Simplithe.
An Córas Seanbhunaithe
- Ainmfhocal uatha, mura bhfuil leagan iolra ar leith aige le huimhreacha (féach mír ghramadaí 83), le hathruithe tosaigh cuí.
- Tar éis uimhreacha a chríochnaíonn ar 1 réitíonn an aidiacht le hinscne an ainmfhocail.
- Tar éis uimhreacha a chríochnaíonn ar 2–9 bíonn an aidiacht san iolra agus séimhítear í.
An Córas Simplithe
- Ainmfhocal uatha i gcónaí, fiú má tá leagan iolra ar leith aige, GAN athrú tosaigh.
- Aidiacht uatha i gcónaí, séimhítear de réir inscne an ainmfhocail.
- Tar éis uimhreacha a chríochnaíonn ar 2 nó 4, úsáidtear dó agus ceathair in ionad dhá agus ceithre.
Más iolraí ar 10 atá i gceist, níl ann ach leagan amháin, mar shampla céad is fiche bád.
| AN CÓRAS SEANBHUNAITHE | AN CÓRAS SIMPLITHE | |
|---|---|---|
| 21 | aon chapall mór amháin is fiche capall mór is fiche | fiche a haon capall mór |
| 33 | trí oíche dhorcha is tríocha | tríocha a trí oíche dhorcha |
| 42 | dhá chapall mhóra is daichead | daichead a dó capall mór |
| 55 | cúig fhuinneog dhúnta is caoga | caoga a cúig fuinneog dhúnta |
| 67 | seacht leabhar shuimiúla is seasca | seasca a seacht leabhar suimiúil |
| 74 | ceithre pingine beaga is seachtó | seachtó a ceathair pingin bheag |
| 86 | sé bhó mhóra is ochtó | ochtó a sé bó mhór |
Scríobh na huimhreacha seo ina bhfocail de réir (a) an Chórais Sheanbhunaithe agus (b) an Chórais Shimplithe
- 31 (carr beag)
- ________________________________
- ________________________________
- 45 (úll glas)
- ________________________________
- ________________________________
- 53 (peann dearg)
- ________________________________
- ________________________________
- 68 (ceann)
- ________________________________
- ________________________________
- 78 (pictiúr deas)
- ________________________________
- ________________________________
- 99 (bosca folamh)
- ________________________________
- ________________________________