
Nuala Holloway Gan amhras is ceann de na háiteanna is ansa linn in Éirinn é Cluain Mhic Nóis. De réir na fianaise ar a ndearnadh tochailt sa cheantar dhealródh sé go raibh Críostaithe abhus chomh luath leis an gcúigiú nó séú haois. Tá Cluain Mhic Nóis suite i lár na hÉireann i gContae Uíbh Fhailí,…
Bíonn piseoga ag nach mór gach duine. Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar na piseoga atá sa traidisiún Gaelach Caoimhín Ó Cadhla Tá rian den seanchreideamh ann nár imigh riamh, sin na gníomhaíochtaí a dhéantar chun ádh a fháil nó cosaint a fháil ón mí-ádh. Tá caibidil iontach in A Handbook of Irish Folklore (atá níos…
Ceiliúrtar Naomh Pádraig, pátrún na hÉireann, gach bliain ar an 17 Márta. Ach cé hé Naomh Pádraig? Nuala Holloway Níor rugadh in Éirinn é ach tá sé tabhachtach i stair na hÉireann. Tugtar tús áite dó i measc lucht teagaisc na Críostaíochta a tháinig go hÉirinn beagnach mile sé chéad bliain ó shin. Deirtear gur…

Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar na hamhráin faoi réabhlóid 1798 i nGaeilge agus an traidisiún béaloidis a bhain leis. I dtraidisiún na nGael tá go leor amhrán faoi na cogaí agus réabhlóidí a raibh na Gaeil bainteach leo. Ní eisceacht ar bith é Éirí Amach 1798. Tá a lán amhrán trí Ghaeilge faoi Éirí Amach…

Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar thábhacht crann in Éirinn ‘Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad, tá deireadh na gcoillte ar lár’, mar a deir an chéad líne den amhrán cáiliúil Cill Chais. Ní minic a bhíonn caoineadh ann mar gheall ar choillte a chailleadh, ach tá sa traidisiún Gaelach. Tá fáth faoi leith leis seo,…

Aoife Granville Táimid tagtha ó lá in omós do Naomh Bríd go lá pátrúin in omós do Naomh baineann speisialta eile, is í sin Gobnait. Tá caidreamh ar leith ag pobail Inis Oírr, Dhún Chaoin agus Bhaile Bhuirne léi agus is ar an 11 Feabhra a dheintear ceiliúradh ar Naomh Gobnait sna ceantair sin. Is…

Tá plé ann faoi láthair ar na meáin shóisialta ag ceistiú an bandia í Bríd. Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar na hargóintí ar son agus ina aghaidh í a bheith ina bandia Ar an 30 Eanáir chuir an t-iarthhaoiseach Leo Varadkar giolc amach ag maíomh gurb é féin a rinne lá saoire bainc de Lá…

Aoife Granville ‘Anois teacht an earraigh tá an lá ag dul chun síneadhIs tar éis na féile Bríde árdóidh mé mo sheol’ Raifteirí Ceann de na laethanta cinn ráithe is ea Imbolc, an 1 Feabhra, agus i dteannta Bhealtaine, Lughnasa agus Shamhna, briseann na seanfhéilte seo an bhliain suas go nádurtha dúinn. Is féilte iad…
Seán Ó Murchadha Tá na Gaeil ar cheann na dreamanna ba luaithe san Eoraip a bhain leas as sloinnte chun iad féin a aithint. De réir na staire, is é Ó Cléirigh an chéad sloinne ar taifead againn in Éirinn thiar sa deichiú haois. Tá taifead ann de Thigherneach Ua Cléirigh, tiarna de ríocht Aidhne…

Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar shuíomh ríoga atá i lár tíre, Uisneach Tá Cnoc Uisnigh gar don Mhuileann gCearr. Caoindroim an seanainm a bhí ar Uisneach. De réir traidisiúin tagann na cúigí ar fad le chéile ag Uisneach. Glaoitear imleacán Éireann air dá bharr. Bhí aonach in Uisneach a raibh tábhachtach leis do shaol deasghnách…