Tá géarchéim na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge ag dul in olcas sa chóras oideachais sa stát, de réir tuarascála nua taighde a seoladh os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an 9 Meitheamh. Is é an tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a…
Tá clár beartais uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh seolta ag an rialtas, agus tá sé fógartha go mbeidh tacaíocht don Úcráin, cosaint leanaí ar líne agus slándáil na hEorpa i measc na bpríomhthosaíochtaí sna sé mhí amach romhainn. Glacfaidh Éire seilbh ar Uachtaránacht na Comhairle Aontas na hEorpa ón 1 Iúil go…

Cóilín Duffy ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre D’admhaigh an t-oifigeach breithniúcháin Breiffni O’Neill ag tús éisteachta sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre Dé Máirt nár labhair sé Gaeilge le breis agus 30 bliain, agus gearáin á n-éisteacht ó Sheanán Ó Coistín i gcoinne Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann agus Orange Recruitment.…

Is údar mór bróin dúinn go léir i gCill Dara le Gaeilge bhás ár ndlúthchara, Dónall Ó Riagáin, a d’imigh ar shlí na fírinne le deanaí. Ba duine é Dónall a d’fhág lorg domhain orainn mar eagraíocht agus mar phobal na Gaeilge i gCill Dara agus i bhfad i gcéin. Chaith sé a shaol ag…
Tá Dún Garbhán agus Gaeltacht na nDéise ag ullmhú do dheireadh seachtaine lán le ceol, cultúr agus spraoi agus Féile Mheithimh le bheith ar siúl ón 12 go dtí an 14 Meitheamh. Tá clár fairsing imeachtaí curtha le chéile ag lucht eagraithe na féile, le rud éigin ann do gach aoisghrúpa agus do gach leibhéal…

Bhí deis ag daltaí bunscoile i gConamara foghlaim faoin tábhacht a bhaineann le fuinneamh a chaomhnú agus le húsáid leictreachais a laghdú le linn ceardlainne speisialta a reáchtáil Clár na Scoileanna Glasa de chuid an Taisce i gcomhpháirtíocht le EirGrid le déanaí. Tionóladh an cheardlann i Scoil Naomh Ciarán, Cill Chiaráin, áit ar ghlac daltaí…
Cathal Ó Murchú Le tús Chorn an Domhain sa sacar faoi lánseol anois, mar a bhíonn gach ceithre bliana, tá fadhbanna móra ag baint le ceann amháin de na trí thír óstacha agus a gcumas ócáid spóirt domhanda den chineál seo a óstáil i gceart. Bhí a lán conspóide ann leis na Stáit Aontaithe a…
Tá conspóid mhór ag baint le hionaid sonraí, an rialtas ag maíomh go gcuireann siad leis an ngeilleagar de bhrí go gcuireann siad comhthéacs fáiltiúil ar fáil don infheistíocht theicniúil ó thar lear, ach lucht cosanta na timpeallachta ag gearán go n-ardaíonn na hionaid chéanna praghas leictreachais don ghnáth-theaghlach agus go gcruthaíonn siad astaíochtaí breise…
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil libh a léitheoirí as bhur bhflaithiúlacht le linn an fheachtais slua-chistithe. D’éirigh linn an €2,000 a bhailiú chun táille bhallraíochta Chomhairle Preasa na hÉireann a íoc. Tá iarratas deontais curtha isteach againn ar an Scéim Tuairiscithe Nuachta. Feicfimid an éireoidh linn. Má éiríonn beidh ár gcéad fostaí againn,…
Cóisir Cheoil, á chur i láthair ag Dónall Mac Ruairí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chun liosta de na 30 amhrán Gaeilge is ansa leis na Gaeil a chur le chéile Beidh lá mór ceoil agus ceiliúrtha romhainn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an 23 Meitheamh nuair a chraolfar eagrán speisialta de Cóisir Cheoil…