Cóilín Duffy ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre
D’admhaigh an t-oifigeach breithniúcháin Breiffni O’Neill ag tús éisteachta sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre Dé Máirt nár labhair sé Gaeilge le breis agus 30 bliain, agus gearáin á n-éisteacht ó Sheanán Ó Coistín i gcoinne Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann agus Orange Recruitment.
“Is fada an lá ó labhair mé as Gaeilge, ach déanfaidh mé mo dhícheall,” a dúirt an tUasal O’Neill ag tús na héisteachta, agus é ag míniú nach raibh roinnt téarmaí dlí aige i nGaeilge. Níos déanaí dúirt sé, “Táim beagáinín neirbhíseach ar maidin. Níl éinne anseo (sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre) le Gaeilge níos fearr ná mé. Sin an fáth a bhfuil mé anseo.”
Bhí an éisteacht á reáchtáil i bpáirt trí Ghaeilge agus i bpáirt trí Bhéarla, tar éis don Uasal Ó Coistín a chur in iúl roimhe seo gurbh fhearr leis breithneoir a mbeadh Gaeilge aige. Tháinig an cheist teanga chun cinn arís agus arís eile le linn an lae, agus mhaígh an gearánaí go raibh deacrachtaí bunúsacha ann do dhaoine a bhí ag iarraidh gnó dlíthiúil a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge.