Géarchéim na ndíolúintí Gaeilge ag dul in olcas a deir tuarascáil nua

Tá géarchéim na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge ag dul in olcas sa chóras oideachais sa stát, de réir tuarascála nua taighde a seoladh os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an 9 Meitheamh. Is é an tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a rinne an taighde, agus leagtar amach ann moltaí chun córas níos cothroime agus níos ionchuimsithí a chruthú do dhaltaí an stáit.

Léiríonn an taighde go raibh díolúine ag breis agus 73,000 dalta ó staidéar na Gaeilge sa scoilbhliain 2024-2025. Cé go bhfuil líon na ndíolúintí ag leibhéal na bunscoile seasmhach go leor, tá méadú ollmhór tagtha ar líon na ndíolúintí san iar-bhunscolaíocht. Ó 2017 i leith tá ardú 109% tagtha ar an líon seo, agus tá díolúine ag 14.3% de dhaltaí iar-bhunscoile anois, i gcomparáid le 2.5% amháin i 1999.

Fuarthas amach freisin go raibh níos mó ná leath de na daltaí a fuair díolúine de bharr míchumas foghlama ag déanamh staidéar ar theanga iasachta. Dar leis an Ollamh Ó Duibhir, léiríonn sé seo nach bhfuil míchumas foghlama teanga i gceist i gcuid mhór de na cásanna.

Tugann an tuarascáil foláireamh go bhféadfadh díolúine a bheith ag 22.5% de dhaltaí iar-bhunscoile faoi 2030 má leanann an ráta fáis céanna. Dúirt an tOllamh Ó Duibhir go séantar buntáistí an dátheangachais ar dhaltaí nuair a fhaigheann siad díolúine, lena n-áirítear buntáistí cognaíocha, deiseanna sóisialta agus gairme, agus ceangal níos doimhne lena n-oidhreacht agus lena bhféiniúlacht.

Cuireann an taighde béim ar an bhfíric nach mbíonn díolúintí iomlána ó fhoghlaim teangacha ar fáil i bhformhór na dtíortha Eorpacha. Ina n-ionad sin, cuirtear díolúintí sealadacha, páirtdhíolúintí nó curaclaim leasaithe ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu.

I measc na moltaí atá sa tuarascáil tá deireadh a chur le díolúintí ag leibhéal na bunscoile, curaclaim a chur in oiriúint do dhaltaí a bhfuili riachtanais bhreise acu, agus socruithe níos solúbtha a chur ar fáil san iar-bhunscolaíocht in ionad díolúintí buana.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go bhfuil an tuarascáil “ríthábhachtach” agus d’iarr sé ar an Aire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, gníomhú go práinneach ar na moltaí. Dar leis, ní féidir a mhaíomh a thuilleadh go bhfuil díolúintí á mbronnadh go hannamh nuair atá an stád 26 chontae ag druidim le staid ina mbeidh dalta amháin as gach cúigear saor ó staidéar na Gaeilge faoi cheann deich mbliana uaidh seo.