Fear os comhair na cúirte cúisithe in iarracht ar dhúnmharú i dTuaisceart Bhéal Feirste

Bhí trioblóid ar fud na sé chontae i ndiaidh an ionsaithe Dé Luain 

Jack Mac Íomhair

Bliain ar aghaidh ó na círéibeacha ciníocha ar an Bhaile Mheánach agus áiteanna eile sna sé chontae, tá an chuma chéanna ar na sráideanna arís i mbliana.

Bhí círéibeacha ciníocha ar siúl Dé Máirt mar fhreagra ar ionsaí a tharla i dTuaisceart Bhéal Feirste oíche Dé Luain. 

Scaip físeán den ionsaí ar fud na meán sóisialta agus bhí Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) ag moladh do dhaoine gan amharc air agus rinne siad achainí ar son síochána. 

Bhí fear, 30 bliana d’aois, ón tSúdáin os comhair na cúirte maidin Dé Céadaoin. Cúisíodh Hadi Alodid, in iarracht ar dhúnmharú, scian a bheith ina sheilbh in áit phoiblí, agus bagairtí báis a dhéanamh ar oibrí de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.