Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar na nósanna a bhaineann le féile na Bealtaine

Caoimhín Ó Cadhla

Tá an fhéile is fearr liom tagtha, is é sin féile na Bealtaine! 

De réir an fhéilire réalteolaíoch tosaíonn an samhradh ar an 21 Meitheamh. Dar le lucht na meitéareolaíochta is é an 1 Meitheamh tús an tsamhraidh. Ach dúinne Gaeil is é Lá Bealtaine, an chéad lá de Bhealtaine, an chéad lá den samhradh. Is léir sin ón nath ‘Luan Lae Bhealtaine an chéad lá don tSamhra’. Is í príomhbhéim na féile seo an torthúlacht. Téann mórán de nósanna na nGael a bhaineann leis an mBealtaine siar go dtí an ré phágánach.

Oíche Bhealtaine

Cosúil le gach féile eile tosaíonn an Bhealtaine san oíche, Oíche Bhealtaine. Bhí sé de nós ag feirmeoirí dhá thine a lasadh agus na beithígh a thiomáint eatarthu, agus shiúladh siad féin eatarthu freisin. Cé gur nós dainséarach é, dhéantaí é chun cosaint a fháil don bhliain dár gcionn. Is as an nós seo a thagann an frása ‘idir dhá thine Bhealtaine’. Creidtear go raibh baint ag Naomh Pádraig ag lasadh thine na Cásca ar Shláine roimh an tine eile ar Chnoc Teamhrach leis an mBealtaine. Bhí sé de nós ag na draoithe an tine Bhealtaine a lasadh Oíche Bhealtaine ar Chnoc Teamhrach agus gur las gach duine eile sa tír a thine ón tine sin. 

Cosúil leis na féilte eile bíonn an tairseach idir an domhan seo agus an t-alltar, an saol úd eile, tanaí agus meascann an dá dhomhan le chéile an oíche sin. Mar sin bíonn na daoine maithe, na sióga, amuigh. Dá bharr seo ní théann daoine amach Oíche Bhealtaine. Deir siad paidir sa teach.  

Bíonn sé de nós sceach Bhealtaine a chrochadh oíche Bhealtaine agus ribíní nó éadach daite a chur air. Chomh maith leis sin, má tá bean torrach crochann a fear carbhat ar an sceach. Beidh an bhean in ann an carbhat a úsáid mar uirlis chun pian a laghdú le linn tinneas clainne.

Lá Bealtaine

Lá Bealtaine ní lastar tine go dtí déanach ar maidin. Moltar, mar sin, gan éirí róluath. Is é an fáth leis seo ná go gcreidtear gur féidir le cailleach an deatach ón simléar a ghoid agus ádh an teaghlaigh a bhaint dá réir agus é tharraingt chuici féin. Téann daoine eile amach go moch ar maidin, ní an chailleach amháin, le dul go toibreacha beannaithe. Deirtear paidir ag an tobar agus crochtar ribín nó éadach de chraobh crainn, caitear airgead isteach sa tobar agus óltar an t-uisce nó cuirtear an t-uisce ar bhall den chorp chun leigheas a fháil. Creidtear go bhfuil an drúcht ar an bhféar go maith don chraiceann chun áilleacht chaomhnú agus is maith le daoine a n-aghaidh a ní sa drúcht maidin Lá Bealtaine, nó luí lomnocht san fhéar.  

Tugtar bláthanna isteach sa teach Lá Bealtaine, go háirithe bláthanna buí. Cuirtear taobh amuigh den tairseach agus ar leacacha na bhfuinneog iad. 

Bhíodh eagla ar dhaoine go mbainfí brabús óna dteaghlach dá dtógfaí uisce óna dtobar. ‘Barr bua’ ghlaoitear air sin. Bhíodh sé de nós, mar sin, ag daoine fanacht ina suí go maidin Oíche Bhealtaine chun an tobar a chosaint. Dá bharr seo chomh maith moltar gan aon rud a thabhairt ar iasacht Oíche ná Lá Bealtaine ar eagla go dtógfar d’ádh don bhliain uait.

Lá Bealtaine is féidir luibheanna áirithe a bhailiú, agus creidtear go bhfuil tionchar níos fearr acu de bharr iad a bhailiú ar an lá seo.

Tá scéal ann faoi ghiorria ag ól bainne ó úth bó Lá Bealtaine. Nuair a scaoil feirmeoir gunna leis an ngiorria fuair sé roimhe seanbhean ag doirteadh fola seachas an giorria. Cailleach a bhí ann a bhí ábalta cruth giorria a tharraingt uirthi féin.   

Dúirt Seán Ó Súilleabháin, an béaloideasaí cáiliúil, go gcaithfidh go raibh Féile na Bealtaine ar an bhféile ba thábhachtaí sa bhliain mar gheall ar an méid sin nósanna a bhaineann léi.  Mar sin, téigh amach Lá Bealtaine agus téigh go dtí an tobar beannaithe is cóngaraí duit agus déan na deasghnátha ansin, cruthaigh sceach Bhealtaine álainn, luigh san fhéar, bailigh na luibheanna agus coinnigh súil amach do na daoine maithe agus na cailleacha.


Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.  

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.