Féile na Gealaí ag ceiliúradh deich mbliana i Ráth Chairn le clár mór ceoil, grinn agus cultúir fógartha

Tá clár iomlán na mbannaí agus na n-imeachtaí fógartha anois do cheiliúradh speisialta 10 mbliana Fhéile na Gealaí, a bheidh ar siúl i nGaeltacht Ráth Chairn ar an 5 agus 6 Meitheamh, agus gealltar gurb í seo an fhéile is mó agus is uaillmhianaí go dtí seo.

Den chéad uair beidh suíomh nua níos fairsinge ag an bhféile i gcroílár Ráth Chairn, níos cóngaraí d’Áras Pobail Ráth Chairn, rud a chuirfidh leis an atmaisféar pobail agus leis an taithí do chuairteoirí. Beidh an fhéile ag caitheamh súil siar ar bhuaicphointí na ndeich mbliana seo caite, agus cuid de na bannaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ar lucht freastail ag filleadh arís.

I measc na n-ealaíontóirí fógartha tá SexyTadhg, Jiggy, SuperCéilí, Le Boom, Huartan, Grooveline, Boss Sound Manifesto agus Clann Mhic Ruairí. Beidh blas idirnáisiúnta ar an gceiliúradh chomh maith le Baby Guinness agus DLÙ ag teacht ó Albain, le tacaíocht ó Colmcille, ag neartú na nascanna cultúrtha idir Éire agus Albain.

Mar is dual don fhéile, tabharfar tús áite don tallann áitiúil nuair a osclóidh Cór na Gaoithe ó Choláiste Pobail Ráth Chairn an deireadh seachtaine.

Ní ar cheol amháin a bheidh an bhéim, áfach. Tá réimse leathan imeachtaí fógartha, lena n-áirítear ócáid rapcheoil IMRAM le Blue Niall agus Ribe Roibéis, seó grinn Gaelgháirí le Louisa Ní Éadain agus Hugh Carr, imeacht LADTA le Mrs Ó, ceardlann Dabke ag ceiliúradh chultúr na Palaistíne, agus imeacht speisialta Albain X Éire. Beidh Oireachtas na Gealaí ar ais chomh maith, ag tabhairt iarbhuaiteoirí an Oireachtais le chéile ar ardán amháin.

Ar an 6 Meitheamh beidh Lá Teaghlaigh Fhéile na Gealaí ar siúl mar chuid de Chruinniú na nÓg, le himeachtaí don aos óg agus do theaghlaigh, idir sheónna sorcais, draíocht, ceol agus spraoi pobail.

Dúirt lucht eagraithe na féile go bhfuil tacaíocht leanúnach an phobail agus urraitheoirí cosúil le Foras na Gaeilge, Ealaín na Gaeltachta agus TG4 ríthábhachtach don fhás atá tagtha ar an bhféile.

Tá glaoch oscailte curtha amach anois d’oibrithe deonacha ar mian leo páirt a ghlacadh sa cheiliúradh suntasach seo. Seol iarratas chuig feilenagealai@gmail.com roimh an 15 Bealtaine. Tá ticéid champála, lae agus teaghlaigh ar fáil cheana féin ar www.feilenagealai.com. Tar éis deich mbliana d’fhás agus de rath, is léir go mbeidh Féile na Gealaí 2026 ar cheann de na hócáidí Gaeilge agus cultúir is mó sa samhradh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.