Seoladh clár oifigiúil na féile Dorn san Aer 2026 oíche Dé Aoine seo caite i dTigh Hiúdaí Bhig, Gaoth Dobhair, agus gealltar deireadh seachtaine spleodrach eile idir an 25 agus 27 Meán Fómhair in ómós don chraoltóir iomráiteach Rónán Mac Aodha Bhuí.
Seo í an tríú bliain den fhéile, a bunaíodh in 2024 mar cheiliúradh ar shaol, ar spiorad agus ar oidhreacht Rónáin, fear a d’fhág lorg domhain ar phobal na Gaeilge trína chuid craoltóireachta, a ghníomhaíocht agus a thacaíocht d’ealaíontóirí úra.
Ba é Hugh Ó Gallchóir, bainisteoir Theach Hiúdaí Bhig, a sheol clár na bliana seo, agus bhí Dónal Ó Cnáimhsí ó Mheitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt mar fhear an tí. Chuir Bréag as Béal Feirste, in éineacht le Ramper agus Connor Mhuiris Ó Gallchóir, tús ceolmhar leis an ócáid.
I measc na mbuaicphointí a bheidh ar ardán na féile i mbliana tá Kíla, Grooveline, Bréag, Tart, Burnchurch, Trá Pháidín, Torby, Corr Mhóna, Na Shan Vans agus Ushmush, le tuilleadh ainmneacha fós le fógairt.
Fillfidh Cath na mBannaí freisin, comórtas a mheall fuinneamh agus tallann úr le dhá bhliain anuas, agus €2,000 le buachan ag an bhanna is fearr.
Bhí fís ar leith ag Rónán Mac Aodha Bhuí pobal cruthaitheach Gaelach a spreagadh agus a neartú. Lena mana cáiliúil “Dorn san Aer do na Gaeil,” spreag sé glúin iomlán leis an fhód a sheasamh ar son teanga, cultúir agus ceartais.
Leanfaidh an fhéile i mbliana den obair sin, ag tabhairt ceol, ealaín agus pobal le chéile i gcroílár Ghaoth Dobhair. Tá ticéid ar phraghas laghdaithe ar fáil anois dóibh siúd a cheannaíonn go luath ar www.dornsanaer.ie