
Nuair a foilsíodh torthaí teaghlaigh Dhaonáireamh 1926 le déanaí leag Stiúrthóir na Cartlanna Náisiúnta, Orlaith McBride, béim ar ghné amháin den Ghaeilge agus í ag plé leis na meáin. Cé gur mhaígh 18% den daonra go raibh Gaeilge acu, luaigh sí nár líonadh amach ach 1% de na foirmeacha i nGaeilge. Chreid McBride gur bhain an bhearna seo le heaspa inniúlachta sa Ghaeilge scríofa i measc an sciar mhóir de phobal labhartha na Gaeilge a mhair san iarthar.
Roimh 1926 tuigeadh “an Ghaeltacht” mar phobal cainteoirí Gaeilge. Ní go dtí i ndiaidh mholtaí Choimisiún na Gaeltachta 1926 agus an tAcht Tithíochta (Gaeltacht) 1929 a aithníodh an Ghaeltacht i dtéarmaí na tíreolaíochta, ceantar inar labhair níos mó ná 25% den daonra an Ghaeilge. Mar sin, nuair a bailíodh eolas Dhaonáireamh 1926 níorbh ann don Ghaeltacht mar a thuigtear inniu í.
Cibé ar bith, is dócha go bhfuil cuid den scéal sa bhearna idir 18% agus 1% le fáil in easpa inniúlachta scríofa cainteoirí Gaeilge an iarthair, ainneoin gur thug an Bord Oideachais, a bhí faoi stiúir Chaisleán Bhaile Átha Cliath, Clár Dátheangach isteach in 1905. Ach cé go raibh 187 scoil ag múineadh trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla faoi 1912, bhí fadhbanna éagsúla leis an gclár. Mar shampla, bhí freasúra i measc Chumann Múinteoirí Éireann. Agus cé go raibh tacaíocht ag an gclár i gceantair a bhí láidir i dtaobh na teanga de i gConamara agus iarthar Chiarraí, mar shampla, bhí freasúra suntasach ann ó thuismitheoirí agus an chléir in oirthear na Gaillimhe agus Maigh Eo. Anuas air sin bhí scoileanna ann a bhí ag cur an chláir i bhfeidhm go pointe ach nach raibh na múinteoirí ag múineadh scríobh na Gaeilge ann. Dá bharr seo is cosúil nár shealbhaigh go leor den ghlúin sin san iarthar a líon an daonáireamh faoi lár na 1920í an Ghaeilge scríofa.
Ach tá an bhearna sin rómhór, mar sin féin. An raibh 17% de dhaonra an stáit, agus a fhormhór acu san iarthar, gan aon chumas liteartha sa Ghaeilge? Fiú agus na scoileanna náisiúnta ar an bhfód le beagnach 100 bliain agus athbheochan na Gaeilge tar éis ranganna a chur ar fáil?
Caithfidh go bhfuil míniú eile ar an scéal, míniú atá lonnaithe i bpolaitíocht na teanga sa chéad dul síos. Bhí gradam áirithe ag an mBéarla, dár ndóigh, de bharr blianta an choilíneachais. Anuas air sin bhí seantaithí ag lucht labhartha na Gaeilge a ngnó a dhéanamh leis an stát trí Bhéarla. Ba é teanga na bpóilíní, na gcúirteanna, oifig an phoist, theach na mbocht agus gach ionstraim eile é. Tá seans maith ann gur chuir cuid mhaith de na Gardaí a bhí mar áiritheoirí in iúl go gcaithfí an fhoirm a líonadh i mBéarla chomh maith. Is dóigh, chomh maith, gur constaic bhreise a bhí i dtéarmeolaíocht Gaeilge na bhfoirmeacha.

Íomhá: An Phríomh-Oifig Staidrimh
Bheadh sé spéisiúil a fhéachaint cén líon foirmeacha a líonadh isteach i nGaeilge i nDaonáireamh 2022. Ní fhoilsítear an staitistic sin. Ach murab ionann agus 1926 nuair a bhí an fhoirm dátheangach, tá na foirmeacha le blianta beaga anuas scartha. Bíonn ar an té atá á líonadh ceann i nGaeilge a iarraidh.
Agus mé i mbun taighde sa Ghaeltacht roinnt blianta ó shin chuala mé go raibh áiritheoirí daonáirimh ag dul isteach go ceantair Ghaeltachta le foirmeacha daonáirimh i mBéarla amháin agus leithscéalta acu as an easpa foirmeacha Gaeilge.
Má tá an meon agus easpa prapála sin i leith cúrsaí teanga fós ag dul ar aghaidh agus ceantair Ghaeltachta oifigiúla thíreolaíocha ann, Acht Teanga, agus Coimisinéir Teanga chomh maith, shamhlóinn go raibh easpa réitithe i leith déileáil le tithe ina raibh lucht labhartha na Gaeilge ann in 1926.
Maidir le seoladh thorthaí Dhaonáireamh 1926 le déanaí, ní mór don Chartlann Náisiúnta an Ghaeilge a liostú mar thoradh ar na taifid ag leibhéal na mbailte fearainn, mar atá ann do chinn 1901 agus 1911. Is gá dul isteach go mion go leibhéal an teaghlaigh sula bhfeictear an freagra teanga. Is cóir a rá go bhfuil na mórthorthaí a bhaineann leis an nGaeilge le fáil ar shuíomh na Príomhoifige Staidrimh ar feadh tamall maith. Baineann an seoladh le déanaí ar shuíomh na Cartlainne Náisiúnta le clanna ag an mionleibhéal, agus mar sin de le scéal na Gaeilge i dteaghlaigh áirithe seachas ag leibhéal an stáit. D’fhéadfaí torthaí spéisiúla faoin teanga ar bhonn réigiúnach nó paróiste a fháil ó na torthaí nua, ach feiceálacht fhreagra na Gaeilge a fheabhsú.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.