
Grianghraf: William Murphy
Má tá tú ar do bhealach abhaile ar eitleán isteach go Baile Átha Cliath ní féidir neamhiontas a dhéanamh den tírdhreach álainin. Is féidir Sléibhte Chill Mhantáin a fheiceáil, agus ó thuaidh feictear oileán fada darb ainm Oileán an Bhulla. San alt seo foghlaimeoimid faoi stair an oileáin.
Thart ar thrí chéad bliain ó shin bhí fadhb leanúnach i gCuan Bhaile Átha Cliath le siolta agus glár a bhí ag cur isteach go mór ar chúrsaí loingseoireachta. Beartaíodh dhá bhalla mara a thógáil ó thuaidh agus ó theas leis an bhfadhb a réiteach. In 1707 tógadh balla mór darb ainm Balla an Bhulla Theas. Nuair a críochnaíodh é bhí sé ar cheann de na ballaí mara is mó san Eoraip, ceithre chiliméadar ar fad. In 1820 thosaigh oibreacha ar bhalla ar an taobh ó thuaidh, Balla an Bhulla Thuaidh. D’éirigh leis an tionscadal agus sa lá atá inniu is calafort thar a bheith tábhachtach é Baile Átha Cliath. Nuair a críochnaíodh an Bulla Thuaidh thosaigh oileán ag fás taobh thiar de, agus roimh i bhfad bhí Oileán an Bhulla ann.
Is oileán cúig chiliméadar ar fad é agus tá clú agus cáil ar thrá Chnocán Doirinne i measc mhuintir na hardchathrach. Tá an t-oileán ceangailte leis an mórthír le droichead adhmaid i gCluain Tarbh. Tá roinnt tithe ar an oileán mar aon le dhá ghalfchúrsa. Roimh 1922 bhaineadh Arm na Breataine úsáid as an oileán le hairtléire a scaoileadh. Is tearmann tábhachtach é d’éin sa lá atá inniu ann.
Ceisteanna buntuisceana
- Cén fhadhb a bhí i gCuan Bhaile Átha Cliath trí chéad bliain ó shin?
- Cad a beartaíodh chun an fhadhb a réiteach?
- Cathain a rinneadh na ballaí mara?
- Cé chomh fada agus atá an t-oileán?
- Scríobh dhá fhíric a bhaineann leis an oileán