Mír ghramadaí 78: Caint indíreach 1

Tá caint dhíreach sa ráiteas seo: Tá an t-iriseoir ag scríobh anois.
Tá caint indíreach sa ráiteas seo: Sílim go bhfuil an t-iriseoir ag scríobh anois.

Bíonn caint indíreach ann nuair a chuirimid focail cosúil leo seo a leanas roimh chaint dhíreach:

  • deirim
  • dúirt mé
  • ceapaim
  • cloisim/cluinim
  • sílim
  • déarfainn
  • is dóigh liom
  • tá súil agam

Nuair a dhéanaimid caint indíreach de chaint dhíreach, caithfimid athruithe áirithe a dhéanamh ar roinnt focal eile san abairt.

Tar éis deir, is dóigh liom, measaim, sílim, cloisim agus focail cosúil leo cuirimid ceann amháin acu seo roimh an mbriathar:

  • go agus urú
  • gur agus séimhiú agus nach agus urú nó n roimh ghutaí
  • nár agus séimhiú

Breathnaigh na samplaí seo a leanas:

DíreachIndíreach
Táim ag obair ar an alt
Ní éisteann tú riamh
Chuala sí an nuacht
Níor tháinig an bus
Beidh an cluiche ar siúl 
Ní íosfaidh sé seacláid arís
geallaim go bhfuilim ag obair ar an alt
dúirt mé nach n-éisteann tú riamh
Tá súil agam gur chuala sí an nuacht
Sílim nár tháinig an bus
Ceapaim go mbeidh an cluiche ar siúl
Gheall sé nach n-íosfaidh sé seacláid arís

Bíonn go agus séimhiú agus nach agus urú san aimsir láithreach, an aimsir fháistineach agus sa mhodh coinníollach.

Bíonn gur agus séimhiú, más féidir agus nár agus séimhiú, más féidir san aimsir chaite.

Tá roinnt eisceachtaí ann san aimsir chaite:

  • go/nach raibh
  • go/nach ndúirt
  • go/nach bhfaca
  • go/nach bhfuair
  • go/nach ndeachaidh
  • go/nach ndearna

Déan caint indíreach de na habairt seo:

  • Ghoid Seán úll. Dúirt Seán ___________________________________
  • Níor bhuaigh Ciarraí. Chuala mé _______________________________
  • Tá praghas na hola ag ardú. Is léir ________________________________
  • Ní thiocfaidh réiteach go luath. Creidim _____________________________
  • Chuaigh sé amach aréir. Dúirt sí __________________________________
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.