
Cuid den bhéaloideas is ea an cultúr ábhartha agus baineann ceardaíocht thraidisiúnta leis sin. Cé gur ceird dhomhanda é an cniotáil agus ceird a bhí tabhachtach ar feadh na gcéadta in Éirinn, ní mór a bailíodh ná a scríobhadh mar gheall air. Is é an cúis leis sin gur mná, den chuid is mó, a bhí go traidisiúnta bainteach leis an gceird.
Bhí olann i gcónaí tabhachtach in Éirinn d’éadaí agus d’ábhar eile agus bhí seálta agus fallaingeacha an-chomónta siar i bhfad. I dtreo dheireadh an naoú haois déag bhí gluaiseachtaí ann chun tacú le gnólachtaí olla a chabhraigh go mór le cur chun cinn ábhair chniotáilte. Gan dabht is é geansaí Árainn a shamhlaítear le Éirinn níos mó ná aon stíl eile, ach cuireadh chun cinn bréidin Dhún na nGall ón am sin freisin agustá cuid de na gnólachtaí sin fós i mbun gnó.
Is cinnte go raibh leaganacha de gheansaí Árainn ar na hoileáin agus áiteanna eile sular díriú aird orthu, ach is tríd an bhfichiú haois gur fhás an clú chomh maith leis na deiseanna a bhain leis. Bhí beirt daoine gnó ann a chabhraigh go mór le cur chun cinn na ngeansaithe san fhichiú haois. B’in iad Muriel Gahan ón Irish Country Store ó na 1930í go dtí na 1960í i mBaile Átha Cliath, agus Pádraig Ó Síocháin a bhí i mbun Tháirgí Bhá na Gaillimhe sna 1960í agus na 1970í. Thugadar deiseanna do chniotálaithe táirgí a dhíol sna siopaí sin. Bhí gairm an-tabháchtach le baint as cniotáil Árainn ón ré sin, do mhná go háirithe.
Bhí pátrúin chniotáile Árainn le feiscint in Vogue ón mbliain 1957 agus na geansaithe le feiscint ar Grace Kelly, Elvis agus Steve McQueen, ach gan dabht chuir na Deartháireacha Clancy go mór le cáil an bháinín agus iad á chaitheamh acu ar stáitsí an domhain mhóir. D’fhás gnó na ngeansaithe i dteannta ghnó na turasóireachta in Éirinn go ginearálta ó na 1970í chomh maith. Ba é cuid den chúis leis sin, is dócha, ná an scéal a bhaineann le greimeanna Árainn. Deireadh cuid mhaith daoine gur cleas margaíochta amháin atá i gceist leo ach ba nós domhanda é beannú a chur isteach in éadaí a fhad is a bhídís á ndéanamh, go háirithe i bpobail in aice na farraige. Ceann de na greimeanna is aitheanta is ea na sméara dubha nó greim na Tríonóide, a ndeirtear faoi go bhfuil beannacht Chríostaí bainteach leis. Tá ádh agus grá, a deirtear, bainteach leis na cáblaí éagsúla deasa a bhíonn an-chomónta ar gheansaithe Árainn, agus deirtear freisin go bhfuil timpeallacht Árainn le feiscint go mór sna greimeanna uigeachta ar fad.
Is iontach an rud é go bhfuil na greimeanna fós ag tabhairt ionspioráid do dhearthóirí comhaimseartha ar nós Colin Burke agus Conor O’Brie, agus cruthanna éagsúla á gcur acu ar an ngeansaí. Tá comhlachtaí ar nós Ireland’s Eye ag dearadh, ní hamháin do thurasóirí, ach do mhargadh na tíre seo arís le stíleanna éagsúla, agus braithim go bhfuil athúinéaracht glactha againn ar an ngeansaí mar éadach faiseanta agus praiticiúl tar éis na mblianta nuair a bhí sé caite i leataobh do na turasóirí amháin.
Braithim gur féidir linn a bheith cinnte gur mná a smaoinigh na greimeanna agus na pátrúin i bhfad roimh phátrúin scríofa a bheith á leanúint ag cniotálaithe. Tá cruthaitheacht iontach álainn bainteach leis na greimeanna sin agus tá baint ag na pátrúin sin, agus na geansaithe, le féiniúlacht Ghaelach. Mar chniotálaí mé féin bím an-togtha leis an gcruthaitheacht sin go háirithe agus mé ag iarraidh pátrún Árainn a leanúint le peann agus pár! Tá aireachas bainteach leis na greimeanna nuair a théann tú i dtaithí orthu, ach tá scil ar leith bainteach leo chomh maith. Is cuid de na pátrúin is casta atá sa chniotáil go hidirnáisiúnta iad agus seans gurb é sin an chúis go bhfuil fhios againn go mbaineann siad lenár dtraidisiún.
Tá Aoife Granville ina léachtóir le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.