Beidh seoladh leabhair nua le Pádraig Breandán Ó Laighin ar siúl in Áras Scríbhneoirí na hÉireann ar an 29 Aibreán idir 6.00in agus 8.00in. Is é an Dr Emer Ní Bhrádaigh, Ollamh Cúnta le Fiontraíocht i bhFiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil.
Tá an leabhar nua, The Irish-Language Community: Population, Institutions, Status, A Social Contract, and a New Paradigm, ina mhórshaothar cuimsitheach a scrúdaíonn ról agus stádas na Gaeilge in Éirinn an lae inniu. Trí mheascán léargais ón stair, ón tsocheolaíocht, ón bpolaitíocht agus ón dlí, tugann an t-údar dúshlán do thuairimí seanbhunaithe agus cuireann sé fís úr chun cinn don teanga mar chroílár den saol náisiúnta.
Pléitear sa leabhar ceisteanna suntasacha ar nós stádas dlíthiúil na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas, ról na teanga i bhforbairt an stáit, agus moltaí praiticiúla maidir le hathruithe institiúideacha. Áirítear ann chomh maith moltaí pleanála maidir le tithíocht i gceantair Ghaeltachta mar chuid de chur chuige níos leithne i leith beartas teanga.
Is socheolaí é an t-údar agus tá sé ina Chomhalta Sinsearach Taighde Taca i Scoil na Socheolaíochta i gColáiste na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Dlí i University College Dublin. Beidh an ócáid dátheangach, le Gaeilge agus Béarla araon in úsáid le linn an tseolta.