Ónár stair foghlaimímid faoi scrios ár mainistreacha agus ár n-ionad léinn idir an naoú haois agus an dara haois déag. In ainneoin gur scriosadh mórán de na mainistreacha, d’éirigh le saíocht na nGael teacht slán. Is fíor, ar ndóigh, nár tháinig ach roinnt bheag mac léinn ón iasacht. Bhí scata beag scoláirí ag cur amach saothair ealaíne fós, nár lú a n-áilleacht ná áilleacht na saothar a bhain leis na haoiseanna a bhí thart.
Gach bliain tugann na mílte daoine cuairt ar chonairí fada Choláiste na Tríonóide chun léargas a fháil ar dhá leathanach oscailte de Leabhar Cheanannais, a chreidtear gur cruthaíodh in 800 AD. Is cloch choirnéil de thurasóireacht na hÉireann é a mheallan scuainí beagnach gach lá i rith an tsamhraidh. Ach tá go leor lámhscríbhinní Gaeilge eile a bhaineann leis an am sin. Scríobhadh Leabhar Ard Mhacha i dtús an naoú haois, nuair nach raibh ionsaithe na nUigingí ach tar éis tosú. Tá cuntais ann ar bheatha roinnt mhaith naomh, cuid de na cuntais i Laidin, agus cuid díobh i nGaeilge.
Leabhar cáiliúil eile ba ea Saltair Chaisil. Ba é Cormac mac Cuileannáin a thiomsaigh é, fear inspéise a bhí ina rí agus ina easpag ar Chaiseal san am céanna. Bhí Leabhar na gCeart ina chuid de, seanchuntas ar an gcóras rialaithe in Éirinn. Ach is é an trua gur cailleadh Saltair Chaisil na céadta bliain ina dhiaidh sin, de réir dealraimh.
Tá Leabhar na hUidhre ó 1100 AD ann, lámhscríbhinn Ghaeilge. Tá an leagan is luaithe de Táin Bó Cuailigne mar chuid de, chomh maith le scéalta ar an gCraobh Rua agus ar laochra na Féinne. Tá lámhscríbhinn eile ann ina bhfuil finscéalta Gaelacha, is é sin Leabhar Laighneach, a tiomsaíodh idir 1151 agus 1201 AD. Aodh Ó Criomthainn, ab Thír dhá Ghlas i gContae Thiobraid Árann, a rinne an chuid is mó de sin. Chomh maith leis sin, ghníomhaigh sé mar scoláire cúirte agus staraí do Dhiarmaid Mac Murchadha, Rí Laighean.
Ní mar gheall ar na lámhscríbhiní amháin atá clú agus cáil ar shaíocht na hÉireann. Tá roinnt mhaith iarsmaí ann fós a chruthaíonn cé chomh maith is a bhí ag obair na scoláirí agus na gceardaithe díograiseacha a mhair sa tréimhse sin. Samplaí áille de mhiotalóireacht is ea iad Dealg na Teamhrach agus Cailís Ardach. Tá gréasa le feiceáil ar phainéil Dhealg na Teamhrach, agus dhá mhionaghaidh daoine, múnlaithe i ngloine chorcaghorm, ag ceann an tslabhra mhogallaigh airgid. Fuarthas an dealgar an gcladach i ngar do Dhroichead Átha, agus níl aon bhaint aige le Teamhair. Na gréasa bíseacha agus na gréasa atá fite ina chéile ar bhun Chailís Ardach, is dócha nach bhfuil a gcómhaith de ghréasa le fáil in aon áit ar domhan.
Tá bachall ab Chluain Mhic Nóis ón aonú haois déag ar cheann de na samplaí is fearr de mhiotalóireacht luath-mheánaoiseach. Taispeánann sé bachall aoire ina bhfuil easpach a bhfuil mítéar air agus nathair ag marú ollpheiste. Tá sé déanta as airgead, cré-umha, stodaí gorma agus píosaí gloine beaga dearga. Deirtear gur bunaíodh Cros Chonga air. Tá scribhinn greannta ar Chros Chonga a chuireann in iúl gur deineadh an chros don Rí Toirdhealach Ó Conchúir in 1123. Cros chloiche atá inti, thart ar dhá throigh go leith ar airde, agus mionghréasa greanta le chéile uirthi, agus criostail agus seoda á maisiú.
Ní mar gheall ar na lámhscríbhinní agus ar an miotalóireacht tá clú agus cáil ar shaíocht na hÉireann. Bhí gnás ag dul i gcion san am sin foirgnimh chloiche a thógáil, lena n-áirítear na cloigthithe, agus is samplaí fós iad crosa sárshnoite Chluain Mhic Nóis agus Mhainister Bhuithe d’ealaín chloiche na nÉireannach. Bhí caisleáin mhóra chloiche agus mainistreacha á dtógáil. Tá séipéal Chormaic Mhic Cárthaigh, a tógadh ar Charraig Chaisil, ar na samplaí is suntasaí díobh. Tá séipéal Chormaic ar cheann de na chéad eaglaisí Rómhánacha in Éirinn. Thosaigh Cormac Mac Cárthaigh, Rí Dheasmhumhan, ag tógáil an tséipéil gaineamhchloiche seo in 1127 AD agus críochnaíodh agus coisricíodh é in 1134 AD. Is annamh a bhíonn an phéintéireacht fresco in Éirinn agus mar sin, is cuid thábhachtach dár stair ealaíne na múrphictiúir i séipéal Chormaic,
Le deireadh ionraí na nUigingí bhí oird nua manach ag tarraingt ar Éirinn ón mór-roinn, agus thug siad leo faisean nua, faisean níos suntasaí, i bhfoirgnimh eaglaise. Ba é an gnás a tháinig chun cinn mainistreacha a thógáil i mbloc mór amháin, áit bhféadfadh na manaigh a saol a chaitheamh ag obair le chéile faoi dhíon fairsing amháin. Ba í an Mhainister Mhór i gContae Lú an chéad cheann díobh, ach níorbh fhada go raibh cinn eile i mBealach Conglais agus i gConga.
Gan dabht, bhí an tréimhse seo ina ré órga sna healaíona in Éirinn. Bhí an bua ag saíocht na nGael.
Is múinteoir meánscoile, ealaíontóir, scríbhneoir agus staraí í Nuala Holloway a bhfuil BA H.dipEd agus MA aici.