Cath na staire beo i gCorcaigh go fóill agus díchoilíniú déanta ar chomharthaí sráide impiriúlacha (Cuid 2)

An Dr Kerron Ó Luain

(Ag leanuint ó Cuid 1 in Eagrán 75)

Comhartha eile a ndearnadh díchoilíniú air ná Albert Street. Cosúil le Union Quay, is comhartha aonteangach Béarla é seo. Ainmníodh Albert Street i ndiaidh an Phrionsa Albert tar éis dó féin agus an Bhanríon Victoria cuairt a thabhairt in 1849. Agus an tír ag fulaingt sa Drochshaol, thug an chlann ríoga cuairt áiféiseach ar Éirinn lán de sheó agus searmanais. Tugann an t-ainm seo ómós don ríochas, ní don ghnáthphobal nó na daoine a d’oibrigh ar thaobh na habhann agus a d’fhulaing faoi riail Shasana. 

I gcodarsnacht leis an méid sin, chaith Muirgheal Bean Mhic Suibhne (Muriel MacSwiney mar is fearr aithne uirthi) a saol ag obair go díograiseach ar son na ndaoine. Rugadh i gCorcaigh í mar Muriel Frances Murphy in 1892 agus chuaigh sí leis an ngníomhaíocht chléach phoblachtach. Ghlac sí ballraíocht le Conradh na Gaeilge agus Cumann na mBan. I ndiaidh bhás a fir Traolach Mac Suibhne, nó Terence MacSwiney mar is fearr aithne air, chuaigh sí i mbun feachtasaíochta go hidirnáisiúnta. Bhí sí chun cinn i bhfeachtais phoblachtacha agus ar son na n-oibrithe sna Stáit Aontaithe agus i bParás. Throid sí ar son an cheartais, i gcoinne na héagóra agus sheas sí leis na hoibrithe agus cosmhuintir an domhain i gcoinne lucht an cheannais.

Ainmníodh Bóthar Victoria as an mbanríon, dár ndóigh, “Banríon an Ghorta”. Ba chomóradh é seo ar an gcuairt ríoga in 1849, agus ba chomhartha é chun ómós a léiriú d’údarás na himpireachta. Ba iarracht é ainmniú an bhóthair cathair Éireannach a iompú ina chathair dhílis Sasanach nó, ar a laghad, ina chathair sheoinínteach.

A mhalairt a bhí ar bun ag Leslie Price de Barra, a rugadh in 1893. Ba chúiréir í in Ard Oifig an Phoist in 1916. Thug Seán Mac Diarmada ardú céime di agus d’iompair sí teachtaireachtaí agus armlóin i mbaol a báis le linn na réabhlóide. I ndiaidh an Éirí Amach chabhraigh sí le fás Chumann na mBan ó 17 gcraobh go 600 craobh. Bhí sí ina stiúrthóir ar Chumann na mBan ar ball, agus chuaigh sí i mbun obair dhaonnúil chomh maith. Bhí sí mar chathaoirleach ar Chumann Croise Deirge na hÉireann. Chabhraigh sí le teifigh agus bhí lámh aici i mbunú Gorta, eagraíocht a thug cúnamh do dhaoine ocracha san Afraic. Mar sin, nár cheart ómós a thabhairt inar tírdhreach do dhuine a d’oibrigh i gcoinne an ghorta, seachas banríon a bhí ina ceann feadhna ar stát Shasana a rinne réabadh ar an tír sna blianta 1845-52 agus a bhuail buille láidir ar ár sochaí, teanga, cultúr agus geilleagar a bhfuilimid fós ag dul i ngleic leis inniu?

Ní mór do Chomhairle Cathrach Chathair Chorcaí, i dteannta comhairlí eile agus an rialtais chomh maith, polasaí díchoilínithe a chur i bhfeidhm. I gCorcaigh go háirithe tá sé scannalach an bealach a bhfuil an stát ag caitheamh le Gael Taca, an eagraíocht a bhunaigh Pádraig Ó Cuanacháin thuasluaite. Ba chóir an eagraíocht a mhaoiniú, infheistíocht a dhéanamh chun Cultúrlann Chorcaí a bhunú, agus dul i mbun bearta díchoilínithe ar an tírdhreach leis.

Is féidir cuimhneamh ar an stair go cinnte, an stair impiriúlach chomh maith. Ach is é an iarsmalann an áit do na siombailí sin, áit a ndéanfar comhthéacsú agus míniú orthu. Níor chóir go mbeidís fós scaipthe ar fud ár gcathracha go fóill tar éis 104 bliain den “neamhspleáchas”. Cuirim an focal sin idir uaschamóga mar is stát spleách é na sé chontae fichead go fóill, mar is léir i dtaobh a stádais mar stát faoi smacht na bPoncánach go míleata agus go heacnamaíoch. Tá gaol díreach síceolaíoch ag an staid reatha sin leis an easpa díchoilínithe a deineadh san fhichiú haois agus a léirítear go fóill i gcuid mhaith comharthaí sráide impiriúlacha. Mar sin, is cath comhaimseartha é an cath stairiúil; troidimis an dá chath i dteannta a chéile!


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.