Traidisiún na veidhlíní ar an mBlascaod

Aoife Granville

Tom na hInise Ó Dálaigh

Níl aon dabht ach gur daoine eisceachtúla ab ea na Blascaodaigh. Pobal thar a bheith cruthaitheach, ceolmhar, fiontraíoch agus uaithúil ab ea iad. Bhí traidisiún iontach amhránaíochta ar an oileán ó thaobh cumadóireachta de agus ó thaobh stíl stuama amhránaíochta de chomh maith. Is é an veidhlín an phríomhuirlis a bhí ar an oileán ar feadh i bhfad, agus ní hamháin go seinnidís é ach dhéanaidís a gcuid veidhlíní féin freisin. 

De réir mar a thuigimid ó thaighde a dhein Aodh Ó Tuama sna 1970í, bhí fear tí solais ar Thiaracht agus chuaigh Peaidí na hInise Ó Dálaigh lena dheartháir John ar cuairt aige. Bhí veidhlín aige, sheinn sé cúpla port dóibh agus cheapadar go mbeadh sé deas tabhairt fé veidhlín a dhéanamh iad féin. Thógadar imlíne an veidhlín sin agus thugadar fé le hadhmad raice. Is léir go raibh ceol ar an oileán roimh na 1890í gan dabht, ar an trumpa agus le portaireacht béil. D’fhoghlaim Paddy na hInise giotaí ón bhfear solais agus thosnaigh sé siúd ag múineadh na ceirde agus an veidhlín féin do Pheats Ó Catháin (Ceaist) agus Maitiú Ó Catháin (Maitiú an Veidhleadóir). Do spreag an triúr sin traidisiún veidhlín i measc daoine eile ar an oileán. Scaip an cheird an-tapa ar an oileán agus de réir shaothar Uí Thuama, ní raibh ach tigh amháin in 1925 nach raibh veidhlín lámhdhéanta ann. 

D’úsáideadar na veidhlíní lámhdhéanta do thosaitheoirí dáiríre agus nuair a thagadh veidhlíní as Meiriceá nó áiteanna eile, chuiridís i leataobh na cinn a dheineadar. Bhí fuaim íseal a dhóthain ag na veidhlíní lámhdhéanta agus bhíodar trian níos mó ná an gnáthveidhlín. Bheadh dúshlán áirithe bainteach le hiad a sheinnt i gceart déarfainn. Faraor, cé go ndeineadh taifead nó dhó ar na seanveidhlíní, níl aon cheann de na veidhlíní féin fágtha againn. Is mór an trua sin. 

D’fhorbair traidisiún seinnte an veidhlín go mór ar an oileán agus mhúin an chéad sliocht de veidhleadoírí an oileáin an chéad glúin eile, Tom na hInise (Ó Dálaigh), Seán Cheaist (Ó Catháin), Seáinín Mhicil (Ó Súilleabháin), Muiris Ó Súilleabháin, Seán Sheáin Í Chearnaigh agus mórán eile. Bhí stíl seinnte iontach ag na Blascaodaigh, le rithim láidir agus stuamacht. Bhí beocht iontu leis na poirt rince agus nuair a chasaidís ar na foinn mhalla bhí mothú agus binneas sa stíl acu. Bhí an cumadóir Seán Ó Riada an-togtha le Seán Cheaist agus Seáinín Mhicil nuair a tháinig sé go dúthaigh Duibhneach sna 1960í agus ba cheart dúinn, mar cheoltóirí áitiúla, a bheith buíoch de agus d’Aodh Ó Tuama agus den Ollamh Ríonach Uí Ógáin as aird a tharraingt ar na veidhleadóirí as taifead a dhéanamh agus scéalta na veidhlíní agus an ceol a choimeád beo dúinn. Cé gur breá liom stíl na gceoltóirí ar fad, is thar n-ais go Tom na hInise a théim i gcónaí agus leagan spleodrach aige de An Bóthar ó Thuaidh go Trá Lí.

Gan dabht, is é Port na bPúcaí an port is aitheanta ón oileán inniu. Tríd na taifid chartlainne ar fad a deineadh leis na veidhleadóirí, sheinnidís é i stíl válsa agus deir siad gur Ó Riada a moilligh síos é agus ‘a chuir crut ceart air’. B’fhéidir go rabhadar bréan den fhonn ábhairín fén tráth sin, ach ní sheinnifidís é ach amháin dá gcuireadh an bailitheoir ceist orthu. Cloisfeá leithéid Ceo Draoíchta, fonn agus amhrán a bhí coitianta ar an mBlascaod, níos minice. Maidir leis na poirt rince atá againn uathu, ba bhreá leo port a nglaoidís Máirín from Skipperland air, an fonn céanna le Bhíosa lá i bPort Láirge. Bhí An Fairy Reel, Port an Dreoilín agus Ríl Mhór Bhaile an Chalaigh coitianta i measc na veidhleadóirí. Tá cuid de na poirt sin, i dteannta mórán eile, le cloisteáil ar an gcnuasach Beauty an Oileán. Tá an cnuasach tábhachtach seo atheisithe ag Claddagh Records le blianta beaga anuas agus bailiúchán breá d’amhráin agus ceol air.


Tá Aoife Granville ina léachtóir le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.