“Seanóirí na Treibhe”. Na Gray Panthers, a bunaíodh in 1970

An Dr Kerron Ó Luain

Tá cloiste ag go leor daoine in Éirinn faoi na Black Panthers, an grúpa radacach Afrai-Mheiriceánach a bunaíodh in Oakland, California, in 1966. Ach is cosúil nár chuala mórán daoine faoi na Gray Panthers. Chuir mo bhean, atá i mbun staidéir san ollscoil ar chúrsaí aoise mar chuid de chéim sa Pholasaí Sóisialta, an dream seo ar mo shúile dom le linn na seachtaine.

Bunaíodh na Gray Panthers sa bhliain 1970, a bunaíodh in Philadelphia, áit a bhfuil oifig náisiúnta acu go fóill. Ba ghluaiseacht radacach iad a thug dúshlán don aoiseachas agus a nasc deacrachtaí Meiriceánaigh aosta le streachailtí níos leithne ar son an chirt shóisialta. Bhunaigh Maggie Kuhn an eagraíocht i ndiaidh don eaglais Phreispitéireach dá raibh sí ag obair brú a chur uirthi dul ar scor agus seasca a cúig bliana d’aois sroichte aici. 

Dhiúltaigh Kuhn don “teoiric díscortha” a mhol do dhaoine aosta seasamh siar ón saol poiblí go nádúrtha. A mhalairt a mhaígh Kuhn, go raibh an tsaoirse, taithí agus údarás morálta ag daoine aosta feidhmiú mar “sheanóirí na treibhe” ar mhaithe leis an bpobal.

Faoi lár na 1970í bhí Kuhn ina phearsa náisiúnta i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí sí le feiceáil go rialta ar an teilifís agus labhair sí go forleathan ar fud na Stát Aontaithe. Faoi cheannaireacht Kuhn d’fhás ballraíocht na Gray Panthers go 100,000 in 30 stát. 

Bhain na Gray Panthers leas as gníomhaíocht a bhí trodach agus geáitsíocht ag baint léi. Rinne siad picéid ar shiopaí a chuir daoine ar scor go héigeantach, chuaigh siad i mbun idirghabhálacha bréagacha leighis chun aird a tharraingt ar easpa cúraim Chumann Leighis Mheiriceá do dhaoine aosta, agus chuaigh siad i mbun feachtais i gcoinne ciorraithe ar an tSlándáil Shóisialta agus Medicare. 

Ba é an bua ba mhó a bhí acu i dtaobh na reachtaíochta de ná nuair a chuir an Chomhdháil deireadh leis an scor éigeantach d’fhormhór na bpost in 1986.

Throid na Gray Panthers ar son cúram sláinte uilíoch, chaith siad solas ar chásanna den mhíleas a tharla i dtithe altranais, agus thug siad dúshlán steiréitíopa daoine aosta. Rinne siad monatóireacht ar an gcaoi a raibh daoine aosta á léiriú ar an teilifís agus chuir siad brú ar na bealaí teilifíse deireadh a chur le léirithe a rinne beag is fiú díobh.

Bhí an dlúthpháirtíocht idirghlúine ag croílár pholaitíocht na Gray Panthers. Leag Kuhn béim ar an ngéarghá a bhí ann go n-oibreodh na glúine éagsúla le chéile ar cheisteanna faoin gciníochas, an éagothroime shaibhris, caomhnú na timpeallachta agus rochtain ar chúram sláinte.

Rinne Kuhn beart de réir briathair trína theach a roinnt le gníomhaithe óga agus trí chur i gcoinne tithíocht a bhí scartha ar bhonn aoise.

Chuaigh an ghluaiseacht in éag i ndiaidh bhás an chinn feadhna, Kuhn, in 1995, mar go raibh ról lárnach ag a mealltacht i ndul chun cinn na Gray Panthers. Ag an am céanna bhog eagraíochtaí ar nós Cumann Meiriceánach na nDaoine ar Scor an bhéim i dtreo na stocaireachta institiúidí in áit na gníomhaíochta comhchoitinne.

Níl aon dabht ach go mbeadh Kuhn buartha faoi thróip chultúrtha na “Boomers”, an cohórt daoine a rugadh i ndiaidh an Dara Chogadh Domhanda agus a bhfuil maoin acu), agus na Glúine X agus Z agus na mílaoisí a tháinig ina ndiaidh siúd. 

Is fíor go bhfuil níos mó maoine agus sealúchais ag an nglúin níos sinne i Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach tá deighilt go leor ann i dtaobh aicme, cine, cultúir agus tíreolaíochta a ghearrann trasna ar mhínithe dubh agus bán bunaithe ar an aois amháin

Mar sin tá fís Kuhn, sean agus óg ag obair le chéile ar son sochaí níos cothroime, bailí go fóill. Éilíonn na dúshláin a d’aithin sí i dtaobh rochtain ar chúram sláinte agus ceart i dtaobh cúrsaí éagothroime agus cine, freagra idirghlúine.

Léiríonn stair na Gray Panthers gur eagraíodh Meiriceánaigh aosta mar dhream radacach cheana, agus go bhféadfadh a leithéid tarlú arís ansin, nó, go deimhin anseo, in Éirinn.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.