Léamhthuiscint: Toraigh

Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Oileán Thoraí
Grianghraf: Andreas F. Borchert

San alt seo foghlaimeoimid faoi Oileán Thoraí nó Toraigh na dTonn, oileán atá suite 11 chiliméadar amach ó chósta Dhún na nGall.

Tá an t-oileán thart ar 5 chiliméadar ar fad agus ciliméadar amháin ar leithead. Deirtear go mbíonn na tonnta chomh fiáin agus ard sin i rith an gheimhridh gur féidir leo dul trasna an oileáin ar fad, ach is léir gur áibhéil atá ann. Tá ceithre shráidbhaile ar an oileán, is iad an Baile Thoir, an Baile Thiar, an Lár, agus Úrbhaile. Tá cónaí ar thromlach an daonra sa Bhaile Thiar. Cé gur oileán iarghulta í tá neart áiseanna ar fáil do mhuintir an oileáin agus do chuairteoirí araon. Tá dhá scoil ar an oileán, bunscoil agus meánscoil, tá séipéal (teach an phobail i nGaeilge Thír Chonaill), teach tábhairne, caifé, agus comharchumann. Sa samhraidh bíonn brú óige agus lóistín ar fáil do chuairteoirí. Bhí rí ag an oileán tofa ag muintir na háite, Patsy Dan Mac Ruairí. Cailleadh an rí in 2018 agus níl ceann nua tofa go fóill.

Braitheann an t-oileán ar thurasóireacht i rith an tsamhraidh chomh maith leis an iascaireacht. Is minic a bhíonn an t-oileán thíos le drochaimsir sa gheimhreadh. Tá bad farantóireachta ann a fhreastalaíonn ar an oileán. Bíonn trí thuras sa lá i rith na seachtaine agus dhá thuras sa lá ag an deireadh seachtaine, ach is féidir leis an aimsir cur isteach orthu. Bhí caint ar héileacaptar don oileán roinnt blianta ó shin ach níor tháinig aon rud as.


Ceisteanna buntuisceana

  1. Cá bhfuil Toraigh suite?
  2. Cé chomh fada agus leathan is atá an t-oileán?
  3. Cé mhéad sráidbhaile atá ar an oileán?
  4. Ainmnigh iad.
  5. Cad iad na háiseanna atá ar fáil ar an oileán?
  6. Cén t-ainm a bhí ar Rí Thoraí?
  7. Scríobh dhá phointe eolais faoi gheilleagar an oileáin.

Tasc breise

Déan taighde agus scríobh alt ar oileán atá suite amach ó chósta na hÉireann.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.