Mír ghramadaí 80: Caint indíreach 3

An chopail

Seo samplaí den chopail i gcaint indíreach san aimsir láithreach:

Caint dhíreachCaint indíreach
Is carr costasach é’Deir Pól gur carr costasach é
carr costasach é’Deir Úna nach carr costasach é
Is breá liom peil’Deir Fionnuala gur maith léi peil
maith liom sacar’Deir sí nach maith léi sacar
Is áit chiúin é’Síleann sí gur áit chiúin é (gur roimh ainmfhocal)
áit chiúin é’Deir seiseann nach áit chiúin é
Is iontach an smaoineamh é’Ceapaim gurb iontach an smaoineamh é(gurb roimh aidiacht)
iontach an smaoineamh é’Dúirt siad nach iontach an smaoineamh é

Seo samplaí den chopail i gcaint indíreach san aimsir chaite:

Caint dhíreachCaint indíreach
Ba charr costasach é’Dúirt Pól gur charr costasach é
Níor charr costasach é’Dúirt Úna nár charr costasach é
Ba bhreá liom peil’Dúirt Fionnuala gur bhreá léi peil
Níor mhaith liom sacar’Dúirt sí nár bhreá léi sacar
B’éigean dom dulDúirt sé gurbh éigean dó dul
Níorbh éigean duit fanacht’Dúirt sí nárbh éigean dó fanacht
B’fhearr duit filleadh’Dúirt sí gurbh fhearr dó filleadh
Níorbh fhearr dom filleadh’Dúirt sé nárbh fhearr dó filleadh

Críochnaigh na habairtí seo a leanas:

  1. Is maith liom úlla ach is fearr liom oráistí – Deir Pól ___________________________
  2. Is múinteoir maith é Pól – Deir Síle ____________________________________
  3. Is cathair mhór í Baile Átha Cliath – Deir an turasóir ___________________________
  4. Is cuimhin leis an chéad léácht – Deir an mac léinn __________________________
  5. Ní féidir liom dul chuig an gcóisir – Ceapann Úna _____________________________
  6. B’iontach an scannán é – Dúirt Seán ___________________________
  7. B’amhránaí den scoth í – Dúirt an tuairisceoir ______________________
  8. Ba cheannaire ceannródaíoch é – Scríobh údar an leabhair ___________________
  9. Ba bhreá liom an geimhreadh nuair a bhí mé óg – Dúirt sé _____________________
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.