Tá tionscnamh nua á bhunú ag an Taoiseach Micheál Martin chun roghanna maidir le todhchaí bhunreachtúil oileán na hÉireann a scrúdú, lena n-áirítear na hathruithe ar shiombailí agus ar bheartais chultúrtha a d’fhéadfadh a bheith riachtanach in Éirinn aontaithe. Beidh trí chás faoi chaibidil: poblacht aontaithe gan rialtas cineachta sa tuaisceart; stát uile-oileáin ina mbeadh…
Beidh ainmneacha Gaeilge amháin á n-úsáid feasta ag Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide agus é ag tagairt d’fhoirgnimh agus d’áiteanna ar an gcampas, tar éis rún a rith ag an dara cruinniú Comhairle den bhliain. Faoin mbeartas nua, tabharfar Foirgneamh na nEalaíon ar an Arts Building i gcumarsáid an Aontais, agus úsáidfear…
Is léir gur chuir scéal Bhóthar Gharbhachaidh agus Dhroim Crí cor cinniunach i scéal na bpáirtithe aontachtacha. Is minic a thig na rudaí seo gan choinne. Ach beidh iarmháirtí na gcúrsaí seo forleathan, agus toghchán gan ach cúig mhí ar shiúl. Go háirithe le himeacht Carla Lockhart as an Pháirtí Aontachtach Dhaonlathach níos luaithe sa…
Tá tuarascáil eisithe ag Coimisiún Fiosrúcháin na Náisiún Aontaithe faoi choireanna cogaidh Iosrael i gcoinne mhuintir na Palaistíne ar an mBruach Thiar agus i Stráice Gaza ón mbliain 1967 ar aghaidh. Aithnítear freisin ní hamháin go bhfuil géarú le blianta beaga anuas ar na coireanna cogaidh seo, ach go bhfuil cinedhíothú ar bun ag arm…
Tháinig na mílte ó gach cearn den tír agus níos faide i gcéin go Cathair Dhoire an deireadh seachtaine seo caite agus ceann de na féilte is mó san Eoraip ag déanamh ceiliúradh ar an tSamhain ar siúl. Meastar gur tháinig níos mó ná 120,000 chun na cathrach thar 4 lá chun 40 bliain den…
Bhí Ambasadóir na Breataine in Éirinn, Kara Owen, ar cuairt ar Learpholl le deanaí chun naisc eacnamaíochta, thrádála agus chultúrtha idir Éire agus réigiún Learphoill a neartú, agus deiseanna nua infheistíochta agus comhoibrithe a fhorbairt ar dhá thaobh Mhuir Éireann. Ag labhairt di le An Páipéar le linn na cuairte, dúirt Owen go raibh sé…
D’fhreastail breis agus 11,000 duine ar an Mhòd Nàiseanta Rìoghail i nGlaschú an tseachtain seo caite, méadú 20% ar an tinreamh i gcomparáid leis an mbliain seo caite, nuair a reáchtáladh an fhéile i Loch Abar. Is í an fhéile macasamhail Oireachtas na Gaeilge in Albain, agus reáchtáladh thart ar 300 comórtas amhránaíochta, ceoil, litríochta…
Ag Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga bhí deis ag Caoimhín Ó Cadhla labhairt leis an gCoimisinéir Teanga. Bhí plé ann maidir leis na caighdeáin teanga níos luaithe, an bhfuil aon tuairim agat cathain bheidh siad le teacht isteach? Cén scéal atá agat ó Roinn na Gaeltachta? Bhuel, tuigim ón Aire agus an méid atá…
Tá na mílte daoine tar éis filleadh abhaile ó Oireachtas na Samhna i gCill Airne, áit a raibh an Ghaeilge le cloisteáil i ngach cúinne den bhaile le linn na féile. Idir an dá linn, tá daoine óga ar fud na tíre ag ullmhú do Ghaeilge24. Ach agus an oiread sin fuinnimh agus díograise le…
Eoin Ó Murchú Agus na leibhéil tacaíochta is measa leis na blianta á léiriú d’Fhianna Fáil sna pobalbhreitheanna is deireanaí, tá ceannaire an pháírtí, an Taoiseach Micheál Martin, ag iarraidh seilbh éigin a ghlacadh anois ar an éileamh ar athaontú na tíre. Go dtí seo bhí seasamh nimhiúil ag Martin i gcoinne aon dreama a…