Tá glao déanta ag an eagraíocht EnergyCloud ar an Rialtas leas a bhaint as fuinneamh in-athnuaite atá á chur amú faoi láthair chun cabhrú le teaghlaigh atá ag maireachtáil i mbochtaineacht fuinnimh, mar chuid dá haighneacht réamhbhuiséid do Bhuiséad 2027. De réir na heagraíochta, meastar go gcuirfear níos mó ná €600 milliún d’fhuinneamh gaoithe in-athnuaite…
Thóg sé thart ar 15 nóiméad ar na trí bhreitheamh sa Chúirt Achomhairc Dé Máirt cinneadh a dhéanamh ar an mbreithiúnas agus bhronn siad Deimhniú Iomrall Ceartais ar Osgur Breatnach maidir lena chiontú mícheart i robáil Thraein Phoist na Sollán in 1976. Ba é Breatnach duine de 40 ball den IRSP a gabhadh, cuid acu…

Deir Macra nach ceart d’aon duine óg a bheith díspreagtha ó ghairm bheatha san fheirmeoireacht, ach gur gá don Rialtas agus don Aontas Eorpach bearta práinneacha a dhéanamh chun í a dhéanamh ina rogha inmharthana don chéad ghlúin eile. Tháinig an eagraíocht amach leis an ráiteas tar éis don Fheisire Eorpach Luke ‘Ming’ Flanagan a…
Tá deontas €686,340 thar cheithre bliana ceadaithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, chun athchóiriú agus athfhorbairt a dhéanamh ar shuíomh gréasáin Saoloibre.ie mar ardán náisiúnta gairmthreorach nua-aimseartha trí mheán na Gaeilge. Beidh an tionscadal á chur chun cinn i gcomhpháirt leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta…
Eoin Ó Murchú Toghadh – nó ardú neamhthofa, níos cruinne – príomh-aire nua sa mBreatain, agus fearadh fáilte roimhe ag roinnt daoine a cheapann go bhfuil ré nua ag tosú i bpolaitíocht na Breataine. Níl. Tá amadáin ann a chreideann go ndéanfaidh Burnham maitheas don tír seo, i bhfianaise a shinsearacht Éireannach is Caitlicigh. Ach…
Tá cás an ULM 5 ar siúl faoi láthair sa Ghearmáin. Tá sé curtha i leith an ULM 5 go ndearna siad damáiste coiriúil ar mhonarcha Elbit in Ulm na Gearmáine. Tá Éireannach i measc an ULM 5, sin é Daniel Tatlow-Devally, arb as Baile Átha Cliath dó. Leis an gcás ag dul ar aghaidh…

D’fhoilsigh RTÉ a Thuarascáil Bhliantúil do 2025, ina léirítear gur thaifead an craoltóir barrachas €22.5 milliún don bhliain, méadú suntasach ar an €5.5 milliún a taifeadadh in 2024. Léiríonn an tuarascáil freisin gur chosain an Clár Imeachta Dheonaigh (Voluntary Exit Programme – VEP) €8.5 milliún, agus gur fhág 67 ball foirne an eagraíocht faoin scéim.…

An tseachtain seo caite, thug scata Gael, nach raibh mórán taithí acu ar an bhfarraige, leo i gcuracha agus i naomhóga i mBá Átha Cliath. Le croí éadrom agus fonn fiosrachta, chuir siad a n-aghaidh ar na tonnta, ag iarraidh léargas nua a fháil ar an stair agus ar an dúlra trí mheán na bádóireachta…
Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Dé hAoine an 24 Iúil Pop Up Gaeltacht8.30 pmTigh Tadhg Óg (Iartheach tábhairne Humes) Port Laoise, R32 Y585Fáilte roimh gach leibhéal GaeilgeArna eagrú ag Cumann Gaelach Chontae Laoise Dé Sathairn an 25…

Tá céim nua bainte amach ag an bhfeachtas Inis Dom! tar éis seoladh poiblí oifigiúil a reáchtáil in Ostán an Old Ground in Inis, Co. an Chláir, áit ar tháinig gnólachtaí, ionadaithe pobail agus lucht tacaíochta na Gaeilge le chéile chun tús a chur leis an gcéad chéim eile den tionscnamh. Is é príomhaidhm an…