Tá deontas €686,340 thar cheithre bliana ceadaithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, chun athchóiriú agus athfhorbairt a dhéanamh ar shuíomh gréasáin Saoloibre.ie mar ardán náisiúnta gairmthreorach nua-aimseartha trí mheán na Gaeilge.
Beidh an tionscadal á chur chun cinn i gcomhpháirt leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), agus íocfaidh an Roinn 75% den mhaoiniú, agus COGG an 25% eile. Tá an tionscnamh mar chuid de chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028.
Nuair a bheidh an suíomh athfhorbartha, cuirfear zón ar leith ar fáil a bheidh dírithe ar dheiseanna oideachais agus fostaíochta trí Ghaeilge. Tá sé mar aidhm leis an tionscadal daoine óga, múinteoirí gairmthreorach agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi na bealaí éagsúla inar féidir leo a gcuid scileanna Gaeilge a úsáid agus a fhorbairt.