Tá daltaí 15 bliana d’aois i stát 26 contae na hÉireann sa chéad áit san Aontas Eorpach ó thaobh na léitheoireachta de, de réir mórstaidéar. Bhain stát na 26 contae an tríú háit amach san eolaíocht agus an ceathrú háit sa mhatamaitic i measc 27 ballstát an AE sa Chlár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí, nó…

Tá an grúpa sa chathair chun clár chun dlúthpháirtíochta idirnáisiúnta a fhorbairt.

Tá baile digiteach nua curtha ar fáil d’amhráin Abair Amhrán tar éis breis agus cúig bliana d’obair dheonach, agus taifeadtaí ón mbailiúchán cáiliúil le fáil anois ar www.abairamhran.ie. Is foilseachán de chuid Chomhaltas Uladh é Abair Amhrán a bhfuil glúnta daoine tar éis é a mhúnlú. Ó foilsíodh den chéad uair é in 1962 tá…
Creideann formhór na leanaí in Éirinn gur fearr iad a mhúineadh conas fanacht sábháilte ar líne ná cosc a chur orthu na meáin shóisialta a úsáid, de réir taighde nua ó Choimisiún na Meán. Léirítear sa tuarascáil Sábháilteacht Ar Líne agus Saol Digiteach Leanaí, a foilsíodh inné (Déardaoin), gur aontaigh 69% de leanaí leis an…
Tá pobail i gceantair chósta na Gaillimhe agus Bhaile Átha Cliath ar na pobail is mó atá i mbaol ó thuilte, creimeadh cósta agus ardú leibhéal na farraige, de réir léarscáil nua a d’fhorbair taighdeoirí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Léirigh an staidéar go bhfuil breis agus 20,000 duine i mBaile Átha Cliath agus 9,971…
Seo an chead uair ó bunaíodh an comórtas ocht mbliana is fiche ó shin gur bhuaigh duine as Baile Átha Cliath.
Tá bunaíocht na Gearmáine trína chéile i ndiaidh bua AfD sna toghcháin stáit sa tSacsain-Anhalt in oirthear na Gearmáine. Ní hamháin gur ghnóthaigh páirtí, a dtugtar páirtí ar an eite dheis i bhfad amach air, 44% den vóta, ach fuair an CDU, páirtí Friedrich Merz, Seansailéar na Gearmáine níos lú ná leath den vóta a…

Bhronn Coimisinéir AE na hÉireann, Michael McGrath, gairdín a bhfuil duaiseanna buaite aige ar mhuintir Chorcaí ag searmanas speisialta an tseachtain seo. Cruthaíodh an gairdín, dar teideal Shared Roots, Common Shade, chun Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus cuairt Choláiste na gCoimisinéirí ar Chathair Chorcaí an samhradh seo a chomóradh. Ghlac Ard-Mhéara…
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go gcuirfeadh na rialacha nua atá beartaithe do dhaoine atá ag lorg saoránacht Éireannach an tír ar aon dul níos fearr le ballstáit eile den Aontas Eorpach. Tá an tAire Dlí agus Cirt agus Imirce, Jim O’Callaghan, le Bille Náisiúntachta agus Saoránachta na hÉireann (Leasú), 2026 a chur faoi bhráid…
Eoin Ó Murchú Tá drumaí cogaidh á mbualadh níos minice agus níos déine anois ná riamh, de réir mar a bhíonn ceannairí Eorpacha, lena n-áirítear Taoiseach na hÉireann ‘neodrach’, ag cur iachall orthu féin caiteachais ar airm chogaidh a mhéadú ar chostas leasa shóisialaigh. Taobh thiar de sin ar fad tá taibhse na Rúise ann,…