Tá na daoine a fhorbraíonn an teicneolaíocht is cliste ar domhan ag rá go bhféadfadh sí muid uile a mharú faoi dheireadh na ndeich mbliana seo. Sin an rabhadh a thug Jacob Coxon, taighdeoir Briotanach atá 27 bliain d’aois, le déanaí. Chaith sé trí bliana ag forbairt córais intleachta saorga (IS) ag dhá chomhlacht de…

Beidh Údarás na Gaeltachta ag tacú le Tionól Náisiúnta Intleachta Saorga TechIreland 2026, a bheidh ar siúl i nGaillimh Déardaoin, an 24 Meán Fómhair. Tabharfaidh an t-imeacht ceannairí tionscail, saineolaithe teicneolaíochta, lucht déanta beartas agus nuálaithe le chéile chun plé a dhéanamh ar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le húsáid na hintleachta saorga…

Tá cinneadh d’aon ghuth déanta ag an giúire in ionchoisne báis Noah Donohoe Dé Máirt. Rinneadh na cinntí i ndiaidh cúig lá de bhreithniú. Bhí an t-ionchoisne ag amharc ar na cúinsí bhás Noah Donohoe. Chuaigh Noah, 14, ar iarraidh i mí Mheithimh 2020 agus thángthas ar a chorp seachtain ina dhiaidh sin i dTuaisceart…

Tá céannacht amhairc nua nochta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe atá fréamhaithe in oidhreacht shibhialta agus mhuirí na cathrach agus a thugann áit níos feiceálaí don Ghaeilge. Coinnítear an marún mar phríomhdhath sa dearadh nua, agus úsáidtear gorm freisin mar léiriú ar Abhainn na Gaillimhe. Tá an litir bheag “g” i gcroílár na céannachta, agus…
Bhí sé de phribhléid agam a bheith i láthair thar ceann An Páipéar nuair a rinne Raidió Fáilte ceiliúradh ar 20 bliain ó bronnadh ceadúnas oifigiúil craolacháin air i Halla na Cathrach, Béal Feirste, oíche Dé hAoine seo caite. Ba cheiliúradh é ar stáisiún pobail ceannródaíoch, ach ba dheis é freisin aitheantas a thabhairt don…

Eoin Ó Murchú Bhuel, chuir Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, an lasair a chur sa bharrach gan dabht ar bith lena chuid cainte faoi athaontú na hÉireann a bheith dosheachanta agus somhianaithe, caint a chuir fearg mhór ar eite dheas na Breataine agus ar an Taoiseach Micheál Martin. Go stairiúil ní raibh aon spéis…

Rinneadh ceiliúradh ar chuid de na ceoltóirí agus na hamhránaithe traidisiúnta is iomráití sa tír ag searmanas Ghradam Ceoil TG4 2026 in Ollscoil Luimnigh. Bhí Halla Ceolchoirme na hOllscoile lán go doras oíche Dé Domhnaigh, an 13 Meán Fómhair, agus éileamh an-ard ar thicéid don cheolchoirm agus don searmanas bronnta. Craoladh an ócáid beo ar…
Tá síneadh ama fógartha ag Oireachtas na Gaeilge don phobal ar mian leo cur isteach ar Chomórtais Taibhealaíon an Oireachtais 2026. Is é Dé Céadaoin, 23 Meán Fómhair an spriocdháta nua d’iontrálacha. Beidh 34 comórtas ar siúl i mbliana, idir 13 chomórtas do dhaoine óga agus 21 chomórtas do dhaoine fásta. I measc na gcomórtas…

Tá beirt oifigeach nua ceaptha ag Ógras chun tacú le bunú clubanna óige trí Ghaeilge i gConnachta, i dTuaisceart Laighean, ar an gCabhán agus i Muineachán. Tá Pádraig Ó Baoill fostaithe mar Oifigeach Forbartha nua i gCúige Chonnacht, agus tá Liam Ó hEidhin ceaptha mar Chomhordaitheoir Tionscadal i dTuaisceart Laighean agus sa dá chontae teorann.…

Insealbhíodh Helen Ní Shé, iarchraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, i Halla Laochra Raidió IMRO an tseachtain seo mar aitheantas ar an méid suntasach atá déanta aici ar son na craoltóireachta Gaeilge. Is mar láithreoir ar An Saol Ó Dheas is fearr atá aithne ar Ní Shé, a áirítear i measc shárchraoltóirí agus agallóirí na…