Tá vóta ollmhór tugtha ag baill cheardchumann Fórsa atá fostaithe san earnáil phoiblí i bhfabhar gníomhaíocht thionsclaíoch, suas go dtí agus lena n-áirítear dul ar stailc, mar gheall ar an aighneas faoi phá. I mballóid ina raibh breis agus 64,000 ball i dteideal vóta a chaitheamh, thacaigh 96.6% díobh le gníomhaíocht thionsclaíoch. Is é Fórsa…
Céim ar gcúl don Aontas Eorpach ba ea toradh reifreann na hÍoslainne i dtaobh cainteanna a chur sa siúl arís maidir le ballraíocht san Aontas. Dhiúltaigh na vótálaithe 52.8% in aghaidh 47.2% do mholadh an rialtais cainteanna faoi bhallraíocht a thosú arís. Bhí cleas soiléir ag an rialtas sa chaoi ar chuir siad an moladh…

Thacaigh an carthanas Depaul le 8,204 duine ar fud oileán na hÉireann in 2025, méadú 12% ar an mbliain roimhe sin, de réir thuarascáil tionchair nua na heagraíochta. Bhí 5,630 duine fásta agus 2,574 leanbh i measc na ndaoine a fuair cúnamh ó Depaul. Dúirt an carthanas gur léirigh na figiúirí an brú mór atá…
Tá málaí scoile á líonadh arís, éide nua á cur ar pháistí agus na bóithre timpeall ar scoileanna plódaithe le trácht. Tá boladh an fhómhair san aer agus, i ndiaidh shaoirse an tsamhraidh, tá gnáthamh na scoilbhliana ag filleadh ar theaghlaigh ar fud na tíre. Is tráth dóchais é tús na scoilbhliana. Siúlann páistí beaga…
Treiseacht Mheiriceá nó a mhalairt? Eoin Ó Murchú Tá an Áise Thiar fós ina cíor tuathail agus in achrann. Níl aon deireadh le feiceáil sa chogadh a d’fhear na Stáit Aontaithe agus Iosrael ar an Iaráin, ach amháin go bhfuil teipthe ar SAM, agus an stát mór impiriúlach sin lagaithe ar fud an domhain. Is…

Oíche stairiúil do Katie Taylor A Eagarthóir, a chara, Ba í an troid idir Muhammad Ali agus Al Blue Lewis in 1972 an uair dheireanach a reáchtáladh babhta dornálaíochta i bPáirc an Chrócaigh. Ag an ócáid stairiúil sin ní raibh ach 18 míle duine ann agus iad faoi gheasa. Tar éis na troda a bhuaigh…
Tá sé fógraithe ag an Aire Cosanta Helen McEntee le déanaí go bhfuil Éire le €10 milliún a chur ar fáil don Úcráin ar mhaithe le háiseanna míleata oiliúna a thógáil san Úcráin in ainneoin sheasamh oifigiúil neodrachta an stáit. Is áis oiliúna é a ullmhaíonn saighdiúirí le troid ar an bpáirc chatha, a thagann…

Tá an Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh, Pól Deeds, naoi mí go leith sa phost anois agus ag teacht i dtreo dheireadh na chéad bliana. Shuigh mé síos leis, le labhairt faoi na rudaí is mó a chuaigh i bhfeidhm nó a chuir iontas air. Ba é an chéad rud a luaigh sé ná Fleadh Cheoil…
Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Dé hAoine an 4 Meán Fómhair Ceiliúradh na gComharsan Gaelach4 go 5.30 pmAcadamh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dawson, Baile Átha Cliath 2Faigh amach faoi na ceangail shaibhre chultúrtha idir Éirinn, Albain…

Tá an fuirseoir, láithreoir agus léiritheoir teilifíse Bláithín de Burca ainmnithe mar ambasadóir Gaeilge ar fheachtas Mheán Fómhair na hAthláimhe 2026 de chuid Oxfam Éireann. Beidh de Burca ag spreagadh daoine ar fud na tíre páirt a ghlacadh san fheachtas trí mheán na Gaeilge, agus béim á cur aici ar an ról atá ag athúsáid…