Tá Dónal Ó Coinneacháin (Daniel Kinehan) tagtha abhaile, tar éis na mblianta d’iarrachtaí Rialtas na hÉireann chun é a eiseachadadh ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (AEA). Theith Dónal Ó Coinneacháin Ó Éirinn nuair a rinne lucht Hutch iarracht líomhnaithe é a mharú ag an Óstán Regency i 2016. Maraíodh a chomhghleacaí David Byrne san eachtra…

Bhain ochtar as Éirinn triail as cur chuige úrnua i bhfoghlaim na Gaelgey ar Oileán Mhanann le déanaí, nuair a cuireadh rang sa teanga ar fáil trí Ghaeilge na hÉireann den chéad uair riamh. Bhí Eagarthóir An Páipéar, Cóilín Duffy, Bainisteoir Raidió Fáilte, Cillian Breatnach agus an scríbhneoir Realtán Ní Leannáin i measc na n-ochtar…
Eoin Ó Murchú Go minic nuair a phléitear an riachtanas dlús a chur leis an aistriú go foinsí glasa fuinnimh luaitear an tSín mar stát atá freagrach as an úsáid is mó den bhreosla iontaise. Tá sin fior, ach is í an tSín atá chun tosaigh ar gach stát eile sa Domhan san aistriú ó…
Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Dé Sathairn an 15 Lúnasa An Chéad Ghlúin EileMáire & Étáin Ní Churraoin le Jennifer Leahy Harpist agus aíonna speisialtaDoirse 7.30 pmAmharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) H91 W925Tá ticéid (€15) le fáil…
Beidh deis ag daoine ar fud na hÉireann blaiseadh a fháil d’oidhreacht shaibhir na tíre nuair a chuirfear tús le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta Dé Sathairn seo 15 Lúnasa agus na mílte imeachtaí beartaithe go dtí an 23 Lúnasa. Is é ‘Oidhreacht i mBaol’ téama na bliana seo agus béim á leagan ar na foirgnimh…

Nuair a chuala mé gur Fergus Ó hÍr a thabharfadh Léacht Bhliantiúil Radió Fáilte seachtain go leith ó shin, ghlac mé go fonnmhar leis an deis éisteacht le m’iarbhainisteoir ar Raidió Fáilte ag labhairt faoina shaol agus a shaothar. San uair go leith a bhi ar fáil dúinn, ní raibh barúil agam cén ghnéithe den…

Agus muid i lár Mí Lúnasa breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar an Dia a ainmníodh an mhí seo dó, sin é Lugh. Ainmneacha Lugh Tá mí Lúnasa buailte againn faoi láthair agus ba mhaith liom breathnú ar an dia atá an mhí ainmnithe ina dhiaidh dó – is é sin Lugh. Tá go leor ainmneacha…

Thug grúpa Gaeilgeoirí as áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann aghaidh ar Sabhal Mòr Ostaig ar Oileán Sgitheanach in Albain le déanaí chun tabhairt faoi chúrsa i nGàidhlig na hAlban agus chun blaiseadh níos doimhne a fháil de chultúr agus de thraidisiúin na nGael. Bhí John Ó Fearraigh ar dhuine den ochtar ón ngrúpa Éireannach…