Cainteoirí Gaeilge ag foghlaim Gaelgey trí Ghaeilge na hÉireann

Bhain ochtar as Éirinn triail as cur chuige úrnua i bhfoghlaim na Gaelgey ar Oileán Mhanann le déanaí, nuair a cuireadh rang sa teanga ar fáil trí Ghaeilge na hÉireann den chéad uair riamh.

Bhí Eagarthóir An Páipéar, Cóilín Duffy, Bainisteoir Raidió Fáilte, Cillian Breatnach agus an scríbhneoir Realtán Ní Leannáin i measc na n-ochtar a ghlac páirt sa rang speisialta a bhí mar chuid de Scoill Souree, scoil samhraidh Culture Vannin.

Ghlac breis agus 70 duine páirt sna cúrsaí Gaelgey ar an iomlán agus reáchtáladh iad ag an am céanna le féile Yn Chruinnaght a bhí ar siúl ón 27 Iúil go dtí an 2 Lúnasa i bPurt ny hInshey agus i nDoolish.  Bhí ceol, damhsa, teangacha, béaloideas agus traidisiúin Cheilteacha agus Lochlannacha i gcroílár na féile.

Ba í seo an chéad bhliain a raibh snáithe ar leith sa scoil samhraidh dírithe ar chainteoirí Gaeilge na hÉireann.  Bhí an cúrsa, a raibh dírithe ar dhaoine nach raibh Gaelg ar bith acu nó nach raibh acu ach beagán di, á theagasc ag an Dr Natalie Nic Shim, aistritheoir Gaeilge agus cainteoir Gaelgey.

Ag labhairt le An Páipéar, dúirt Nic Shim go mbíonn na cosúlachtaí idir Gaeilge na hÉireann agus Gaelg faoi cheilt uaireanta mar gheall ar an difríocht mhór idir córais scríbhneoireachta na dteangacha.  Nuair a thuigtear an córas scríofa, áfach, tagann na cosúlachtaí chun cinn go láidir.

Dúirt sí gur buntáiste suntasach atá ag cainteoirí Gaeilge agus iad ag tabhairt faoin nGaelg ná go bhfuil an bhunchloch teanga acu cheana féin.  Dá bhrí sin, ní gá tabhairt faoin teanga ar an mbealach céanna agus a dhéanfadh glantosaitheoir.  Dhírigh an cúrsa ar na naisc idir na teangacha agus ar dheiseanna praiticiúla labhartha agus éisteachta.

Tá an bhliain 2026 ainmnithe mar Blein ny Gaelgey, nó Bliain na Gaelgey, ar Oileán Mhanann agus tá clár leathan imeachtaí ar bun chun úsáid agus infheictheacht na teanga a mhéadú.  Tá Gaelg á múineadh i scoileanna ar an oileán agus tá Bunscoill Ghaelgagh, bunscoil lán-Ghaelgey, lonnaithe i mBalley Keeill Eoin.

Bhí Yn Chruinnaght féin ina cheiliúradh mór ar na naisc idir na náisiúin Cheilteacha.  Dúirt lucht eagraithe na féile gur chuir ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí, cainteoirí, lucht eagraithe agus an pobal go léir le rath na féile i mbliana.

Ní bheidh ar lucht na Gaelgey fanacht i bhfad leis an gcéad mhórócáid eile.  Beidh féile teanga Cooish Vooar ar siúl ón 25 go dtí an 29 Meán Fómhair agus beidh ceolchoirm speisialta Yn Mheillea, a dhéanfaidh ceiliúradh ar fhómhar Mhanann, ar siúl san Centenary Centre i bPurt ny hInshey Dé Domhnaigh, 27 Meán Fómhair ag a 3 san iarnóin.

Beidh ticéid don cheolchoirm £12.50 do dhaoine fásta agus £5 do dhaoine faoi 16 bliana d’aois.

Tá tuilleadh eolais faoi Gaelg ag www.culturevannin.im agus www.learnmanx.com agus Féile Cooish Vooar ag https://yearofmanx.im/event/cooish-vooar-manx-language-festival/ 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.