Tá Dónal Ó Coinneacháin (Daniel Kinehan) tagtha abhaile, tar éis na mblianta d’iarrachtaí Rialtas na hÉireann chun é a eiseachadadh ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (AEA). Theith Dónal Ó Coinneacháin Ó Éirinn nuair a rinne lucht Hutch iarracht líomhnaithe é a mharú ag an Óstán Regency i 2016. Maraíodh a chomhghleacaí David Byrne san eachtra sin. Chuaigh Dónal ar theitheadh go dtí An Spáinn ansin. Ach bhí na Gardaí á iarraidh agus ag obair leis an Guardia Civil sa Spáinn chun é a ghabháil. Chuaigh sé go Dubai go gairid ina ndiaidh sin chun éalú ó na fórsaí póilíneachta sin. Tá an cuma air go ndeachaigh sé ansin mar nach raibh aon conradh eiseachadadh ann idir Stát na hÉireann agus an AEA.
Cé go raibh líomhaintí ann go raibh Ó Coinneacháin i mbun mangaireacht drugaí (chomh maith le bainistiú dornálaithe faoin gcomhlacht MTK Global) níor chuir sé sin isteach ar Údaráis AEA. Bhí sé chomh dona sin go raibh ar an Taoiseach Leo Varadkar é a ainmniú i dTeach Laighin as a chuid gníomhaíochtaí mídhleathacha líomhnaithe. Fós ní raibh na hÚdaráis san AEA náirithe chun gníomhú air. De bharr go raibh gnó mangaireachta drugaí líomhnaithe lucht Uí Choinneacháin chomh mór sin thosaigh an FBI i SAM ag éirí buartha. Rinne an FBI seoladh ar a bhfeachtas chun é a ghabháil i Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath ag rá go raibh siad sásta $5,000,000 a íoc chun é a ghabháil. Fós ní raibh Údaráis AEA spreagtha chun gníomhú ina aghaidh Dónal.