Tá athrú déanta ag lucht eagraithe Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse ar na rialacha don bhliain seo chugainn, rud a chiallaíonn nach mbeidh craoltóir buaiteach i dteideal an comórtas a óstáil má tá a stát páirteach i gcoimhlint armtha nó i gcás íogaireachta geopholaitiúil.
Dúirt Aontas Craoltóireachta na hEorpa (EBU) go mbeidh craoltóir buaiteach “neamh-incháilithe go huathoibríoch” chun an Eoraifís a óstáil sna cúinsí sin.
Tagann an t-athrú tar éis conspóide roimh chomórtas na bliana seo i Vín. Bhí roinnt tíortha – Éire, an Spáinn, an Ísiltír agus an tSlóivéin ina measc – tar éis bagairt tarraingt siar mura gcuirfí Iosrael as an gcomórtas mar gheall ar an gcinedhíothú in Gaza. Níor ghlac na tíortha sin páirt sa chomórtas is déanaí.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!