Tá clár oifigiúil chuairt toscaireachta comhchathrach na Gaillimhe ar Siceagó tosaithe agus é mar aidhm leis na naisc shibhialta, chultúrtha, oideachais agus eacnamaíocha idir an dá chathair a neartú a thuilleadh.
D’oscail Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu, Clár 2026 go hoifigiúil ag fáiltiú i dTeach na hÉireann i Siceagó, faoi stiúir Ard-Chonsal na hÉireann, Pádraig Manning.
Ba é an fáiltiú tús le clár trí lá don toscaireacht agus réimse cruinnithe agus imeachtaí beartaithe chun deiseanna nua comhoibrithe a fhiosrú idir Gaillimh agus Siceagó.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!