Fear san ospidéal tar éis ionsaí siorca

Tá fear atá san ospidéal tar éis do shiorc greim a bhaint as agus é ar bhád amach ó chósta Phort Láirge ag rá go bhfuil sé ceart go leor agus go bhfuil súil aige teacht chuige féin go tapa.

Bhí Sebastian Achim ag iascaireacht siorcanna ar bhád beag ó dheas d’Aird Mhór tráthnóna Dé Máirt nuair a tharla an eachtra thart ar 4.15 san iarnóin.

Dúirt sé leis an gclár All About Cork with Paul Byrne gur éirigh leis a chéad siorc gorm riamh a ghabháil, ach gur ionsaigh an siorc é agus é ag féachaint ar an ngabháil.

“D’éirigh liom mo chéad siorc gorm a thabhairt isteach agus mé ag féachaint air, shocraigh sé léim i dtreo mo choise agus greim a fháil ar mo cholpa,” a dúirt sé.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.