Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta: na mílte imeachtaí ar fud na tíre

Beidh deis ag daoine ar fud na hÉireann blaiseadh a fháil d’oidhreacht shaibhir na tíre nuair a chuirfear tús le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta Dé Sathairn seo 15 Lúnasa agus na mílte imeachtaí beartaithe go dtí an 23 Lúnasa.

Is é ‘Oidhreacht i mBaol’ téama na bliana seo agus béim á leagan ar na foirgnimh stairiúla, na suímh sheandálaíochta, an bhithéagsúlacht, an béaloideas, an teanga agus na scileanna traidisiúnta a d’fhéadfaí a chailleadh mura ndéantar iad a chosaint agus a thabhairt ar aghaidh chuig na glúnta atá le teacht.

Tá Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta anois sa 26ú bliain agus is é an ceiliúradh is mó ar oidhreacht thógtha, chultúrtha agus nádúrtha na hÉireann.  Bíonn breis is 2,500 imeacht ar siúl gach bliain agus mealltar beagnach leathmhilliún duine chucu.

Tá an ceardaí as Corcaigh, Eoin Reardon, ceaptha mar Ambasadóir Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2026.  Thosaigh sé ag foghlaim na hadhmadóireachta dó féin le linn na dianghlasála, tar éis dó uirlisí a sheanathar a fháil le hoidhreacht.

Tá breis agus cúig mhilliún leantóir aige anois ar TikTok, YouTube agus Instagram, áit a léiríonn sé teicnící traidisiúnta adhmadóireachta.  I measc na dtionscadal atá déanta aige tá curach, sail éille agus soithí traidisiúnta adhmaid ar a dtugtar noggins orthu.

Dúirt Reardon go bhfuil sé thar a bheith sásta leis an ról agus go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le téama na bliana seo dó.

“Thug foghlaim na hadhmadóireachta le huirlisí mo sheanathar léirthuiscint dom ar an gceardaíocht thraidisiúnta agus sin an fáth a bhfuil téama na bliana seo, Oidhreacht i mBaol, chomh tábhachtach dom,” a dúirt sé.

“Táim an-tugtha do chinntiú nach gcaillfear na scileanna traidisiúnta seo.  Tugann Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta deis iontach do dhaoine rud nua a fhoghlaim agus, dá réir sin, cabhrú lena chaomhnú do na glúnta atá le teacht.”

Beidh réimse leathan imeachtaí ar fáil do theaghlaigh.  I gCorcaigh, beidh Féile Bhaile Múrtha / Dhroichead na Bandan ar siúl ón 15 go dtí an 23 Lúnasa agus deis ag cuairteoirí stair agus cultúr an bhaile a fhiosrú.

I mBaile Átha Cliath, beidh turais teaghlaigh saor in aisce ar fáil in Ard-Mhúsaem Clódóireachta na hÉireann, áit a bhfoghlaimeoidh páistí faoin saol a bhí ag printíseach clódóra agus faoin gcaoi ar táirgeadh nuachtáin, leabhair agus póstaeir sular tháinig ríomhairí.

Beidh ceardlann scéalaíochta teaghlaigh ar siúl sna coillte i nGairdín Bhríde i Ros Cathail, Co. na Gaillimhe, ar an 23 Lúnasa.  Tabharfaidh an scéalaí Carol Barrett miotais agus finscéalta a bhaineann le nádúr na hÉireann chun beatha trí chulaith, maisc agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha.

I bPáirc Bhaile an Chollaigh, Co. Chorcaí, beidh picnic do theidí, seó puipéad, “ospidéal” do theidí agus péinteáil aghaidheanna mar chuid d’Fhéile Oidhreachta Bhaile an Chollaigh ar an 20 Lúnasa.

Idir an dá linn, tabharfar saol na Lochlannach chun beatha i bPáirc Bhaile Átha an Rí, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí, ar an 15 Lúnasa, le taispeántais ar airm, ar éide chatha agus ar theicnící troda.

Mar chuid den tseachtain freisin, beidh cead isteach saor in aisce chuig breis agus 50 suíomh oidhreachta atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí Dé Sathairn 15 Lúnasa.  Beidh imeachtaí speisialta ar siúl ag suíomhanna éagsúla, ina measc taispeántais boghdóireachta meánaoisí i gCaisleán Bhaile Átha an Rí agus imeachtaí ceardaíochta agus seandálaíochta ar fud na tíre.

Dúirt an tAire Stáit don Dúlra, Oidhreacht agus Bithéagsúlacht, Christopher O’Sullivan, go dtugann an tseachtain deis do dhaoine “na daoine, na traidisiúin agus na háiteanna” a dhéanann oidhreacht na hÉireann chomh speisialta sin a cheiliúradh.

Beidh formhór na n-imeachtaí saor in aisce agus táthar ag súil go spreagfaidh clár na bliana seo teaghlaigh agus pobail chun teacht ar an oidhreacht atá díreach ar leac an dorais acu — agus páirt a ghlacadh lena caomhnú don chéad ghlúin eile.

Tá eolas faoi imeachtaí ar fud na tíre le fáil ar heritageweek.ie.


IMEACHTAÍ GAEILGE

Imeachtaí saor in aisce

Turas as Gaeilge – Gairdíní Altamont
15, 16, 17 Lúnasa, 11 am
21, 23 Lúnasa, 2 pm

Scéalta Chaisleán Dhún na nGall – Turas as Gaeilge
15 Lúnasa, 2 pm
23 Lúnasa, 11 am – turas do pháistí

Turas as Gaeilge – Gairdíní Garrán Anna
16 Lúnasa, 2 – 3pm

Turas as Gaeilge – Gairdíní Náisiúnta Lus na hÉireann, Glas Naíon
16, 23 Lúnasa, 11 am

Turas dátheangach ar Mhainistir Hóir
16 Lúnasa, 12 – 1 pm
Gaeilge agus Béarla

Turas as Gaeilge – Dún na hArmlainne,  Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath
17, 21 Lúnasa, 12.15 pm

Turas as Gaeilge – Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann
18 Lúnasa, 2 – 3 pm

Turas as Gaeilge – Cúirt Ioma, Co. Laoise
19 Lúnasa, 2.30 – 3.30pm

Turas as Gaeilge –  Teach agus Páirceanna Bhaile an Chaisleáin
20 Lúnasa, 12 – 1 pm

Turas as Gaeilge – Caisleán Chill Chainnigh
21 Lúnasa, 9.30 – 10.30 am

Turais threoraithe ar Mhainistir Shligigh trí Ghaeilge
21 Lúnasa, 11.30 am – 12.30pm
3 – 4 pm

Turas as Gaeilge – Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
22 Lúnasa, 2 – 3 pm

Turas as Gaeilge – Áras an Uachtaráin agus na Gairdíní
22 Lúnasa, 3 – 4 pm

Turas as Gaeilge – Caisleán Phort Omna
22 Lúnasa, 12 – 1 pm

Turas treoraithe ar Chaisleán Ráth Fearnáin
22 Lúnasa, 12 – 1 pm

Turas as Gaeilge – Teach agus Gailearaí Gléibe 
23 Lúnasa, 2 agus 4 pm

Turas treoraithe trí Ghaeilge – Músaem na bPiarsach
23 Lúnasa, 11.30 am – 12.30 pm

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.