Gaeilgeoirí Éireannacha ag treisiú na nasc le Gàidhlig na hAlban

Ó chlé go deas – Brian Ó hEadhra (teagascóir), Róisín Conlon, John Ó Fearraigh, Eilís Ní Bhroin, Kirsten Ní Fhearaíl (cúl), Jane Ní Ghairbhí, Amy Carty (cúl), Muireann Ní Mhaoldeirg & Niamh Ní Dhubhgáin

Thug grúpa Gaeilgeoirí as áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann aghaidh ar Sabhal Mòr Ostaig ar Oileán Sgitheanach in Albain le déanaí chun tabhairt faoi chúrsa i nGàidhlig na hAlban agus chun blaiseadh níos doimhne a fháil de chultúr agus de thraidisiúin na nGael.

Bhí John Ó Fearraigh ar dhuine den ochtar ón ngrúpa Éireannach a ghlac páirt sa chúrsa, a bhí ar siúl ar feadh seachtaine.  Bhí daoine as Tír Chonaill, Baile Átha Cliath, Ciarraí, Cill Dara, Gaillimh agus áiteanna eile ina measc agus Gaeilgeoirí as Oileán Thoraí páirteach ann chomh maith.

Ba é an deis chun nasc níos láidre a chruthú idir Gaeilge na hÉireann agus Gàidhlig na hAlban ceann de na príomhchúiseanna a spreag iad chun tabhairt faoin turas.  Bhí tacaíocht ar fáil trí Cholmcille, tionscnamh a chuireann naisc idir pobail Ghaeilge na hÉireann agus Gàidhlig na hAlban chun cinn.

Dar le Ó Fearraigh, thug an Ghaeilge buntáiste suntasach don ghrúpa agus iad ag dul i ngleic leis an teanga eile.  Cé go bhfuil difríochtaí suntasacha idir an dá theanga, go háirithe ó thaobh na foghraíochta de, bhí siad in ann cuid mhaith den Ghàidhlig a thuiscint agus dul chun cinn maith a dhéanamh le linn na seachtaine.

Ní ranganna teanga amháin a bhí i gceist, áfach.  Bhí réimse imeachtaí sóisialta agus cultúrtha ar siúl ag Sabhal Mòr Ostaig agus suas le 70 nó 80 duine ag freastal ar chúrsaí éagsúla ann ag an am céanna.

Bhí ceol, céilí, amhránaíocht agus imeachtaí eile ar siúl sna tráthnónta, rud a thug deis do na rannpháirtithe aithne a chur ar dhaoine ó chúrsaí eile agus blaiseadh a fháil de chultúr Gaelach na hAlban.

“Fuaireamar blaiseadh den chultúr, ní amháin den teanga,” a dúirt Ó Fearraigh.

Bhí an clár sách gnóthach agus ní raibh mórán ama saor acu chun Oileán Sgitheanach a fhiosrú, ach d’éirigh leo cuid den oileán a fheiceáil nuair nach raibh siad sna ranganna nó ag na himeachtaí.

Bhí Ó Fearraigh an-tógtha leis an taithí agus tá súil aige filleadh ar Albain chun cur lena chuid Gàidhlig amach anseo.  Dúirt sé go mbeadh suim aige cur isteach ar chúrsa ag leibhéal níos airde an chéad uair eile.

Ghabh sé buíochas leis na múinteoirí agus le foireann Sabhal Mòr Ostaig as an bhfáilte agus as an gcabhair a thug siad don ghrúpa.  Luaigh sé chomh maith na ciorcail chomhrá agus na deiseanna eile a bhí ar fáil dóibh chun an teanga a úsáid taobh amuigh den seomra ranga.

Thug sé aitheantas ar leith do Cholmcille as na deiseanna atá á gcur ar fáil do Ghaeilgeoirí as Éirinn taisteal go hAlbain agus Gàidhlig a fhoghlaim.

Dúirt Ó Fearraigh go bhfuil sé ag súil anois leis an méid a d’fhoghlaim sé a fhorbairt tuilleadh agus filleadh ar Sabhal Mòr Ostaig arís amach anseo.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.