Agus muid i lár Mí Lúnasa breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar an Dia a ainmníodh an mhí seo dó, sin é Lugh.

Ainmneacha Lugh

Lugh Lámhfhada
Íomhá: Wolf Lorein, Ealaíontóir, Luimneach

Tá mí Lúnasa buailte againn faoi láthair agus ba mhaith liom breathnú ar an dia atá an mhí ainmnithe ina dhiaidh dó – is é sin Lugh.  Tá go leor ainmneacha éagsúla ar an dia seo, a ainm is sine ná Lug, ach tá Lughaidh ann, a bhíonn mar chéad ainm sa lá atá inniu ann.  Go deimhin tá clocha oghaim ann a bhfuil leaganacha éagsúla den ainm ar nós Luga, Luggadon, Lugadecas agus Luguqrit.  Bhí Lugh Lámhfhada mar ainm air de bharr an chaoi go raibh sé in ann an Gae Assail a úsáid, ga a bhí ag Lugh.  Tugadh Lugh Ildánach nó Samildánach air de bharr go raibh sé mar mháistir ar go leor oiliúintí.  Ceapann scoláirí an chiall atá le Lugh mar fhocal ná ‘solas’.  De réir mar a tháinig an Chríostaíocht isteach go hÉirinn, bhí stádas an Dia laghdaithe agus ghlaodh Lugh Chromáin air agus an teoiric atá ag Peter Berresford Ellis ná gur as seo a tháinig an teideal leipreacháin.  Bhí ainm eile air Maicnia a léirigh a chumas mar laochra.  De réir dealraimh bhí sé de nós ag na Gaeil gan an t-ainm Lugh a rá ar eagla go mbeidh mallacht curtha ort.

Cén saghas Dia atá ann?

Ceaptar go bhfuil ciall eile lena ainm agus sin ‘mionn’.  De bharr seo bhí Lugh mar dhia do chonarthaí faoi mhionn.  Bhí sé bainteach le trádáil agus airgead chomh maith.  Bhí sé mar dhia cuideachta don bhandia Éire ag léiriú go raibh ról aige i bhflaitheas na hÉireann agus ag roghnú Ard Rí na hÉireann.  Deirtear freisin go raibh sé ina dhia gréine chomh maith.  Ach an nasc is mó a aithníonn an pobal le Lugh ná leis an bhFómhar agus le Féile Lúnasa.   

Dia Idircheilteach

Ní in Éirinn amháin a raibh adhradh a dhéanamh ar Lugh.  Bhí adhradh á dhéanamh ar sa Bhreatain Bheag, an t-ainm atá air ansin ná Lleu Llawgyffes a chiallaíonn Lugh leis an lámh chruinn, ní rófhada ón chiall de Lugh Lámhfhada.  Sa Ghaill an t-ainm a bhí air ansin ná Lugus.  Bhí adhradh á dhéanamh ar Lugus san Ibéir Cheilteach freisin.  Mar sin is dia é a bhí á adhradh timpeall an Domhain Cheiltigh.  Bhí ceiliúradh fómhair ar nós ceiliúradh Lúnasa in Éirinn thall sa Ghaill i rith ré na nGallach.  

Logainmneacha

Luaigh mé níos luaithe go raibh go leor daoine ainmnithe mar gheall ar an dia, bhuel bhí go leor áiteanna ainmnithe mar gheall air chomh maith.  In Éirinn ní gá ach breathnú ar chontae Lú.  Chomh maith leis sin i dTír Chonaill tá Dún Lúiche ann.  Ach ní in Éirinn amháin a bhfuil logainmneacha ainmnithe don dia.  I Lyon na Fraince an seanainm a bhí air ná Lugdunum (Dún Lugh) i ré na nGallach, Laon, Lauzun, Loudan sa Fhrainc chomh maith, Leiden na hÍsiltíre, Liegnitz i Silesia na Polainne, Carlisle i Sasana (an t-ainm a bhí air i rith aimsir na Rómhánach ná Luguvalum).  Tá teoiric ag Peter Berresford Ellis gur as Lugdunum a tháinig an logainm Londain. 

A Shinsear agus a shliocht

Bhí daoine mór le rá gaolta le Lugh – sa chéad dul síos ba é Balor ó na Fomhóraigh a sheanathair ar thaobh a mháthar, iníon Bhaloir ná Eithne nó Eithliú.  Tugadh Mac Ethnenn nó Mac Ethlenn ar dá bharr.  An t-athair a bhí ag Lugh ná Cian.  Bhí Cian bainteach leis an Tuatha Dé Danann a bhí mar mhac de Dhian Cécht a raibh mar an Dia Leighis.  Tugadh Mac Céin air chomh maith mar gheall ar sin.  Bhí mac ag Lugh agus an t-ainm a bhí air ná Setanta nó Cú Chulainn mar a bheadh aithne níos fearr againn air.

Scéalta faoi

An chéad scéal atá againn do Lugh ná conas ar ghineadh é.  Bhí tairngreacht ag Balor go maróidh a gharmhac é.  De bharr seo chur sé a iníon faoi ghlas i dTúr ar Oileán Thoraigh, ionas nach mbuailfidh sí le fear ar bith.  Ach d’éirigh le fear darbh ainm Cian fáil isteach sa túr agus bhí caidreamh collaí acu.  Gineadh Lugh dá bharr.  Tá scéalta éagsúla ann, ach is é príomhtheachtaireacht an scéil ná go ndearna Balor iarracht Eithne agus Lugh a mharú ach d’éirigh leo éalú.

Scéal eile faoi Lugh ná lá amháin chuaigh sé go Teamhair na Rí agus bhí sé ag iarraidh fáil isteach go dtí an grianán i dTeamhair, ach stop an fear an dorais é.  Dúirt sé le Lugh nach bhféadfadh sé isteach murar raibh oiliúint faoi leith aige.  Dúirt Lugh go raibh sé ina tógálaí, ach dúirt an fear dorais go raibh tógálaithe acu, dúirt Lugh ansin go raibh sé ina gabha agus arís d’fhreagair an fear dorais go raibh gabha acu cheana féin.  Dúirt Lugh go raibh sé ina laochra, cláirseoir, file, staraí, asarlaí, dochtúir agus prásaí.  Dúirt an fear dorais go raibh gach ceann de na gairmeacha sin acu cheana féin.  Ach dúirt Lugh an bhfuil duine agat leis na hoiliúintí sin uilig acu.  Chuaigh an fear dorais go dtí an Rí Nuada ag rá go raibh gach oiliúint aige agus dúirt an Rí leis an bhfear dorais é a scaoileadh isteach.  Tugadh Lugh Ildánach, nó Samildánach air ón am sin ar aghaidh.

Mar a dúirt an tairngreacht faoi Bhalor, d’éirigh le Lugh é a mharú agus seo an bealach a tharla sé.  Bhí cath le tarlú ar Mhaigh Tuireadh idir na Tuatha Dé Danann agus na Fomhóraigh.  Bhí Balór i gceannas ar na Fomhóraigh.  Thug Nuada ceannasaíocht d’airm an Tuatha Dé Danann do Lugh.  Bhí slad fíochmhar sa chath seo agus d’éirigh le Lugh Balor a aimsiú.  An t-ainm iomlán a bhí ar Balór ná Balor na Súile Nimhe, bhí súil amháin aige agus aon uair a d’oscail sé an tsúil maróidh sé aon rud beo a bhí ina radharc.  Bhí Balor réidh lena súil a oscailt, fuair Lugh an Gae Assail agus chaith sé é i dtreo na súile a bhí le hoscailt agus mharaigh sé a sheanathair sa chaoi sin.

Conclúid

As na déithe uile Ceilteacha atá ann, tá an méid is mó tagairtí ann do Lugh ná aon dia Ceilteach eile idir ainmneacha, logainmneacha, féilte, agus tagairtí sa litríocht.  Tá súil agam gur bhain tú sult as an eolas seo faoi Lugh agus go spreagfaidh sé thú níos eolas a fháil uaidh.


Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.