Tharla conspóid, ar líne den chuid is mó, i rith na seachtaine de bharr an méid a dúirt an Dr Ebun Joseph faoin nGaeilge i measc múinteoirí scoile. Ar phodchraoladh darbh ainm “The Deep Table” dúirt an Dr. Joseph “gurb éigean scaoileadh” leis an riail gur gá do mhúinteoirí Gaeilge a fhoghlaim.
Rinne an sárdheis áibhéil as an méid a dúradh agus, mar is dual dóibh, ba chuma leo faoin mbunphointe ná an comhthéacs. Bhí na postálacha ar X ach go háirithe breac leis an gciníochas. Tá an ghráin dhearg ag an sárdheis ar an Dr. Joseph de bharr a róil mar Rapóirtéir Speisialta ar an gCiníochas agus an Comhionannas Ciníoch.
Shoiléirigh an Dr Joseph ina dhiaidh gurbh é an rud a bhí i gceist aici ná gur múineadh “cainteoirí Gaeilge agus múinteoirí a bhfuil fíorphaisean acu don teanga an Ghaeilge sna blianta sóisearacha agus sinsearacha.” Sa chaoi seo, d’fhéadfadh múinteoirí eile “díriú ar na hábhair ina bhfuil saineolas agus cáilíochtaí is láidre acu.”
“I bhfocail eile”, ar sí, “bhí mé ag moladh go ndéanfaí atheagrú ar mhúineadh na Gaeilge seachas fáil réidh leis”.
Anois, tuigimid ar fad gur féidir le clib nóiméad mar sin ó phodchraoladh ina bhfuil caint sách éadrom nó scaoilte duine a chrochadh má ghearrtar agus roinntear ar líne é arís is arís eile.
Ach, ag an am céanna, má tá ról poiblí ag duine lena n-áirítear ceist an chomhionannais, ní chabhair é moltaí a chur chun cinn a ndéanfadh beag is fiú de chearta agus comhionannais dream eile, sa chás seo pobal na Gaeilge, gan eolas bunúsach éigean a bheith agat ar an gceist.
Má dhéantar cúngú arís eile ar stádas na Gaeilge laistigh den chóras oideachas tríd an mbéim a chuirtear air d’ábhar oidí, laghdófaí an teanga arís. Tá a fhios againn go bhfuil géarchéim ann cheana féin i dtaobh na ndíolúntaí agus beagnach 60,000 dalta ag fáil díolúine ón teanga don ardteistiméireacht i mbliana.
Tá a fhios againn chomh maith go bhfuil creimeadh leanúnach ag tarlú ar chaighdeán agus ar an méid ama a chaitear ag múineadh na Gaeilge sa chóras oideachas ó na 70í ar aghaidh ach go háirithe. Tá athraithe ar an gcuraclam déanta ag an Roinn Oideachais a chuirfear i bhfeidhm ón bhfómhar seo ar aghaidh. Laghdóidh an méid ama a chaitheann daltaí i scoileanna meán-Bhéarla ag foghlaim na Gaeilge tríocha nóiméad.
Mar sin, tá an Ghaeilge á chreimeadh sa chóras meán-Bhéarla cheana féin. Ní hé an freagra an teanga a chúngú tuilleadh go líon níos lú múinteoirí fós.
Céard a insíonn an stair dúinn faoin tsáinn ina bhfuil an teanga sa chóras meán-Bhéarla agus an leigheas atá air?
Ón 19ú haois ar aghaidh bhí an Ghaeilge ar bheagán acmhainní sa chóras oideachais. Agus múinfí an teanga “ach amháin sa chás nár chur sé isteach ar ábhar eile”. Ní nach ionadh mar go raibh na Sasanaigh i réim.
I ndiaidh 1922, rinne an Saorstát iarracht an córas oideachais a “Ghaelú”. Ach, bhí fadhb lárnach ann. Ní raibh ach 10% de na múinteoirí cáilithe le Gaeilge a mhúineadh. De bharr coimeádachais airgeadais an stáit, níor cuireadh na hacmhainní ná na hábhair foghlamtha ar fáil chun go mbeadh rath ar an bpolasaí; agus de bharr sin níor éirigh leis.
B’amhlaidh an scéal don chuid eile den fhichiú haois. Laghdaíodh an t-am a mhúintí Gaeilge, níor cuireadh tacaíochtaí oideolaíochta ar fáil agus bhí easpa soláthar múinteoirí ina fhadhb leanúnach. Ba institiúid láraithe agus neamhfhreagrach é an Roinn Oideachais. Seachas an infheistíocht a bhí de dhíth sa Ghaeilge a dhéanamh sna 1960í, dúnadh na coláistí ullmhúcháin in 1962, rud a laghdaigh líon na múinteoirí a bhí ag teacht isteach sa chóras agus an Ghaeilge ar a thoil acu.
Le linn blianta na déine ó 2008 ar aghaidh, dúnadh aonaid forbartha sa Roinn, laghdaíodh líon na múinteoirí agus tugadh coinníollacha níos measa do mhúinteoirí óga agus gearradh liúntais do mhúinteoirí sealanna a chaitheamh sa Ghaeltacht.
An toradh ar seo ar fad ná go bhfuil an Ghaeilge fós éigeantach agus is faoin nGaeilge éigeantach a bhí an Dr. Joseph ag trácht go bunúsach, ach níl na tacaíochtaí cearta tar éis a bheith curtha ar fáil go stairiúil. Is é an easpa maoinithe an príomhchontstac do mhúineadh éifeachtach na Gaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla le ós cionn 100 bliain anuas.
Le linn toghchán na Sé Chontae is Fiche in 2016 bhí caint ann fáil réidh leis an nGaeilge éigeantach. Buíochas le brú ó phobal na Gaeilge agus athrú ar mheon an phobail i leith na Gaeilge ó shin ní luann polaiteoirí seo a thuilleadh. Ach tá an bonn á bhaint den teanga sa chóras ar bhealaí eile, ceal acmhainní.
Is ó Éireannaigh gheala i bhFine Gael agus an Páirtí Lucht Oibre den chuid is mó a tháinig na hionsaithe ar an nGaeilge éigeantach. Ba bhocht an scéal é dá mbeadh imircigh in Éirinn ag ionsaí an polasaí gan tuiscint acu ar na cúiseanna stairiúla agus reatha nach bhfuil ag éirí leis. Faraor an t-aon toradh a bheas ar sin ná chun armlóin a thabhairt don sárdheis; dream nach ndearna agus nach ndéanfaidh faic ar son na teanga ach é a úsáid mar ghléas siombalach chun inimircigh a ionsaí.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.