An tSín chun tosaigh san aistriú go fuinneamh glas

Eoin Ó Murchú

Go minic nuair a phléitear an riachtanas dlús a chur leis an aistriú go foinsí glasa fuinnimh luaitear an tSín mar stát atá freagrach as an úsáid is mó den bhreosla iontaise.

Tá sin fior, ach is í an tSín atá chun tosaigh ar gach stát eile sa Domhan san aistriú ó ghual go fuinneamh gréine.

Tá an ghrian réidh le dul thar ghual mar an bhfoinse is mó de chumas cumhachta suiteáilte sa tSín i mbliana, de réir mar a neartaíonn Béising a haistriú glas le béim athnuaite ar éifeachtúlacht, ar cháilíocht agus ar fhás ordúil thar mhéid amh.

Shroich cumas gréine iomlán suiteáilte 1.27 billiún cileavata (kW) faoi dheireadh mhí an Mheithimh agus bhíothas ag súil go sáródh sé gual roimh dheireadh na bliana, de réir mar a thuairiscigh an nuachtán stáit People’s Daily, ag lua Cumann Tionscal Fótavoltach na Síne (CPIA).

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.