
Cóilín Duffy ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne Tá an t-iriseoir agus craoltóir aitheanta Cathal Mac Coille tar éis Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2026 a fháil ag searmanas speisialta i gCill Airne oíche Dé Céadaoin, mar aitheantas ar an méid atá déanta aige ar son na hiriseoireachta agus na craoltóireachta in Éirinn le blianta…

Beidh deis ag peileadóirí óga Chumann Mícheál Breathnach éacht stairiúil eile a bhaint amach anocht, Dé hAoine, agus iad ag tabhairt aghaidh ar Bhaile an Tobair as Maigh Eo i gcluiche ceannais peile Chonnacht faoi 17A. Cuirfear tús leis an gcluiche ag 8pm in Ionad CLG Chonnacht i mBéacán, Co. Mhaigh Eo, agus beidh foireann…

Tá an scoláire, scríbhneoir agus iar-ardstátseirbhíseach Seán de Fréine, a raibh tionchar nach beag aige ar an bplé faoin nGaeilge agus ar bheartas teanga na hÉireann, tar éis bháis agus é 99 bliain d’aois. Rugadh de Fréine i mBaile Átha Cliath ar an 21 Meitheamh 1927. D’éag sé Dé Céadaoin, an 21 Deireadh Fómhair, tar…

Tá maoiniú breise €5.4 milliún ceadaithe ag an Aire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, chun leanúint le hathfhorbairt cheannáras stairiúil Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair i lár Bhaile Átha Cliath. D’fhógair an tAire an maoiniú Dé Céadaoin an 21 Deireadh Fómhair agus é ar cuairt ar an suíomh, áit a bhfuil…
Is í Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, a dhéanfaidh oscailt oifigiúil Oireachtas na Samhna i gCill Airne i mbliana. Is ócáid shuntasach seo do phobal na Gaeilge agus deis eile chun saibhreas ár dteanga, ár gceoil agus ár gcultúir a cheiliúradh. Ní hamháin gur féile é an tOireachtas, ach cruinniú mór na nGael, áit a…

Tá foirne na hÉireann agus na hAlban ainmnithe do na cluichí idirnáisiúnta iomána agus camógaíochta a bheidh ar siúl i bPáirc Uí Chaoimh, Corcaigh, Dé Sathairn, an 24 Deireadh Fómhair. Tabharfaidh foireann chamógaíochta na hÉireann aghaidh ar Albain ag 4 pm, sula dtabharfaidh na hiománaithe faoin bhfoireann Albanach ag 6 pm. Beidh an dá chluiche…

Cóilín DuffyAinmnithe do dhuais iriseoir na bliana do Ghradaim Chumarsáide 26 Beidh ceiliúradh mór ar siúl i Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, an deireadh seachtaine seo, ón 16 go dtí an 18 Deireadh Fómhair, agus Coláiste Bhríde ag comóradh céad bliain ó bunaíodh an coláiste samhraidh sa cheantar. Tá Coláiste Bhríde ar cheann…
Cóilín DuffyAinmnithe do dhuais iriseoir na bliana do Ghradaim Chumarsáide 26 Tá Gaelbhratach ag tabhairt cuireadh d’iarscoláirí a bhí páirteach i gCoistí Gaelbhratach ina gcuid scoileanna clárú le líonra Alumni Gaelbhratach, tionscnamh a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a chothú agus naisc a choinneáil idir glúnta éagsúla daltaí. Tabharfaidh an líonra deis d’iarchomhaltaí…
Cóilín DuffyAinmnithe do dhuais iriseoir na bliana do Ghradaim Chumarsáide 26 Beidh féile nua Ghaeilge ar siúl i gContae Laoise níos déanaí an mhí seo, agus clár imeachtaí trí lá beartaithe chun teanga, stair, béaloideas agus traidisiúin na Samhna a cheiliúradh. Reáchtálfar Féile na Samhna i bPort Laoise ón Aoine, 23 Deireadh Fómhair, go dtí…
Tabharfar aitheantas d’iománaithe as ocht gcontae dhéag ag ócáid speisialta, agus na himreoirí is fearr ó chraobhchomórtais iománaíochta 2026 lasmuigh de Chorn Liam Mhic Cárthaigh le ceiliúradh; chomh maith le scoth na himreoirí ó Chorn Tailteann i bPáirc an Chrócaigh anocht. Fógrófar iománaithe agus peileadóir na bliana freisin, agus beidh foirne na bliana i gCorn…