Beidh deis ag peileadóirí óga Chumann Mícheál Breathnach éacht stairiúil eile a bhaint amach anocht, Dé hAoine, agus iad ag tabhairt aghaidh ar Bhaile an Tobair as Maigh Eo i gcluiche ceannais peile Chonnacht faoi 17A.
Cuirfear tús leis an gcluiche ag 8pm in Ionad CLG Chonnacht i mBéacán, Co. Mhaigh Eo, agus beidh foireann Chois Fharraige ag iarraidh cur leis an rath atá bainte amach acu le coicís anuas.
Ag labhairt dó le An Páipéar, dúirt bainisteoir na foirne, Tomás Ó Neachtain, gur beag duine a shamhlaigh ag tús na bliana go mbeadh an fhoireann chomh fada seo sa chomórtas.
“Tá sé deacair a chreidiúint. Bhí muid dírithe ar Chraobh an Chontae i dtosach. Sin an príomhrud a bhí againn,” a dúirt sé.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!