Tá seisear imreoirí ó Mhaigh Eo ainmnithe ar fhoireann sárimreoirí peile PwC 2026, tar éis don chontae Craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair le 75 bliain.
Tá ocht gcontae ar fad le feiceáil ar an bhfoireann, an líon is mó ó 2010, agus tá 11 imreoir ag fáil gradam gradam sárimreora den chéad uair. Bronnfar na gradaim ag searmanas speisialta i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath anocht, Déardaoin.
Tá David Clifford ó Chiarraí ar dhuine de na buaiteoirí is suntasaí, agus an seachtú gradam sárimreora bainte amach aige. Tá sé anois ar comhchéim le Mikey Sheehy, agus níl ach Colm Cooper, a bhuaigh ocht gcinn, agus Pat Spillane, a bhuaigh naoi gcinn, chun tosaigh air i stair pheil Chiarraí.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!