
Tá maoiniú breise €5.4 milliún ceadaithe ag an Aire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, chun leanúint le hathfhorbairt cheannáras stairiúil Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair i lár Bhaile Átha Cliath. D’fhógair an tAire an maoiniú Dé Céadaoin an 21 Deireadh Fómhair agus é ar cuairt ar an suíomh, áit a bhfuil…

Baineadh geit as pobal na Gaeilge an tseachtain seo caite agus scéalta ag teacht chun tosaigh go mbeidh BBC Gaeilge ag déanamh athstruchtúrú ar an aonad laistigh den eagraíocht. Tuigtear go mbeidh 3 phost á gcailleadh as na 5 phost lánaimseartha a bhí ann san aonad. Faoi láthair tá soláthar laethúil Gaeilge ar raidió BBC,…

Tá cead pleanála faighte don chéad ospís leanaí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, a thógfar i gCaisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo, agus a bhfuiltear ag súil go n-osclófar í in 2029. Beidh Ospís Leanaí Sunflower, atá á forbairt ag Fondúireacht Ospíse Mhaigh Eo agus Ros Comáin, ag freastal ar leanaí a bhfuil riochtaí sláinte…

Tá comhpháirtíocht straitéiseach cúig bliana fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe agus Músaem Cathrach na Gaillimhe, tar éis do thaispeántas faoin stair institiúideach i dTuaim breis agus 63,000 cuairteoir a mhealladh i rith an tsamhraidh. Síníodh an comhaontú Dé Luain, 19 Deireadh Fómhair, agus é mar aidhm leis comhoibriú idir an dá institiúid a neartú i…

Tá rabhadh tugtha ag Oxfam go bhfuil an deis chun teicneolaíochtaí digiteacha a chosc ó éagothroime dhomhanda á cailleadh go tapa, agus siompóisiam idirnáisiúnta á reáchtáil acu i mBaile Átha Cliath Dé Máirt. Reáchtáladh an Siompóisiam um Chearta Digiteacha & Comhionannas i gColáiste na hOllscoile, arna eagrú i gcomhar le Coláiste na nEolaíochtaí Sóisialta agus…

Tá gearrliosta de 19 n-amhrán fógartha do chomórtas cumadóireachta Gaeilge Amhrán na Laoch 2026, a reáchtáiltear mar chuid de Mhí an Cheoil Éireannaigh, le tacaíocht ó An Post. Gheobhaidh buaiteoir an chomórtais duais airgid €2,500, chomh maith leis an deis a amhrán a eisiúint trí lipéad ceirníní Ghael Linn, tacaíocht raidió, meantóireacht ón tionscal ceoil…

Tá tús nua á chur le scéal an ghrúpa ceoil Gaeilge IMLÉ, a bheidh ag ceiliúradh breis agus deich mbliana ar an bhfód le heisiúint a singil nua, Ná Cuir Glaoch, inniu (an 23 Deireadh Fómhair). Meascán de cheol neamhspleách, rap agus giotár réchúiseach atá san amhrán, a insíonn scéal caidrimh a thosaigh le dóchas…
Bhí barrachas €10.7 billiún i gcuntais an Rialtais in 2025, de réir figiúirí nua a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Dé Máirt. B’ionann an barrachas sin agus 1.8% den Olltáirgeacht Intíre (OTI), laghdú suntasach ar an mbarrachas €23.4 billiún a taifeadadh in 2024. Mar sin féin, bhí tionchar mór ag íocaíocht aonuaire €14.2 billiún, a…
Zelenskyy le fágáil taobh amuigh Tá obair ar siúl maidir le cruinniú tríthaobhach idir uachtaráin na Rúise, na Síne agus SAM, Vladimir Putin, Xi Jinping agus Donald Trump, le linn chruinniú mullaigh Chomhar Eacnamaíochta an Aigéin Chiúin agus na hÁise an mhí seo chugainn i bpríomhchathair ghnó na Síne, Shenzhen, chun plé a dhéanamh ar…

Eoin Ó Murchú Tá agóidí ollmhóra sa Fhrainc, leis na mílte ag máirseáil ar fud na tíre, curtha faoi scáth sna meáin ag foréigean agus ag creachadóireacht i gcuid bheag bailte. Tá Jean-Luc Mélenchon, ceannaire páirtí den eite chlé, La France Insoumise (an Fhrainc Dhochloíte), tar éis rabhadh a thabhairt faoin gcontúirt a bhaineann le…