Cóilín DuffyBhí pobal na Gaeilge agus lucht na peile Gaeltachta faoi lán seoil ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo agus cluichí ceannais contae Chomórtas Peile na Gaeltachta á gcur i gcrích, le clubanna áitiúla ag baint glóir amach i nDún na nGall, i Maigh Eo agus i nGaillimh agus iad anois ag ullmhú…

Cóilín Duffy Is é Aodán Finnerty, dalta de chuid Choláiste na Coiribe i nGaillimh, buaiteoir náisiúnta chomórtas Aistritheoirí Óga 2026, comórtas bliantúil a chuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus an Coimisiún Eorpach ar fáil i gcomhpháirt lena chéile. Bhronn an tAire Dara Calleary TD duaiseanna ar Aodán agus ar cheathrar buaiteoirí…

Cóilín DuffyBeidh súile lucht leanúna CLG ar fud na tíre dírithe ar Ros Comáin agus ar Chiarraí Dé Domhnaigh seo, agus dhá cheann de na cluichí cúige is mó le rá ar an bhféilire le himirt laistigh de chúpla uair an chloig dá chéile. I bPáirc de hÍde ag 4.15 pm, tabharfaidh Ros Comáin aghaidh…

Cathal Ó Murchú Maidir leis an athrú aeráide agus an téamh domhanda ina theannta atá le teacht amach anseo, tá sé tuartha ag Gníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil go dtéifidh an Eoraip níos gasta ná aon ilchríoch eile ar domhan. Leis seo eascróidh iarmhairtí tromchúiseacha le gur féidir ardú meánteochta, ganntanas bia agus féidearthacht gorta, ardú básmhaireachta,…

Cuireadh bille tríd an Tionól le linn na seachtaine chun na ranganna seo a éascú Jack Mac Íomhair Beidh na sé chontae ar an chéad áit idir an Ríocht Aontaithe agus Éire a chuirfeas ranganna teanga comharthaíochta saor in aisce ar fáil do pháistí bodhra. D’éirigh leis an Bhille Teanga Comharthaíochta 2025 sa Tionól Dé…
Eoin Ó Murchú Tá Éire Neamhspleách ag treisiú sna pobalbhreitheanna mar thoradh, gan dabht, ar an ról a d’imir an páirtí san agóid bhreosla. Léirigh an agóid go bhfuil míshuaimhneas ann go forleathan faoin tuath faoin gcaoi a bhfuil cúrsaí ag dul. Tá tuairim láidir ann faoin tuath gur cuma leis an rialtas na fadhbanna…
Is clár faisnéise é Rian na Fola ina leantar iarimreoir caide Chiarraí agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta Dara Ó Cinnéide ar thuras ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne go Meiriceá ar thóir freagraí ar mhistéir atá os cionn céad bliain d’aois. D’fhoilsigh an Ciarraíoch Patrick M. Foley dhá leagan thábhachtacha de stair Chorca Dhuibhne agus…

Tá TG4 agus Gradam Ceoil tar éis ainmniúcháin phoiblí a lorg do Ghradam Comaoine 2026, an gradam is mó le rá i saol cheol traidisiúnta na hÉireann. Bunaíodh an gradam in 2006 chun ómós a thabhairt dóibh siúd a rinne sárshaothar ar son chaomhnú, chur chun cinn agus leathnú na n-ealaíon traidisiúnta, in Éirinn agus…

Fógraíodh buaiteoirí náisiúnta comórtas mór le rá Generation Apprenticeship do scoileanna agus ionaid dara leibhéal, agus béim ar leith i mbliana ar phrintíseachtaí glasa agus ar na scileanna inbhuanaithe a bheidh riachtanach do lucht saothair na hÉireann amach anseo. Anois ina chúigiú bliain dó, tugann an comórtas deis do dhaltaí ar fud na tíre an…

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Club Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe, tar éis seoladh oifigiúil a dhéanamh ar Scoláireachtaí Gaeilge Chois Trá do shamhradh 2026, le sé scoláireacht ar fiú €320 an ceann iad ar fáil do scoláirí idirbhliana agus cúigiú bliain sa chathair. Tá an tionscnamh dírithe ar dhaltaí atá ina gcónaí…