Cóilín Duffy
Bhí pobal na Gaeilge agus lucht na peile Gaeltachta faoi lán seoil ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo agus cluichí ceannais contae Chomórtas Peile na Gaeltachta á gcur i gcrích, le clubanna áitiúla ag baint glóir amach i nDún na nGall, i Maigh Eo agus i nGaillimh agus iad anois ag ullmhú do chraobhacha náisiúnta na hÉireann i gCill Charthaigh le linn dheireadh seachtaine saoire bainc mhí an Mheithimh.
I nDún na nGall ba ar an Tamhnaigh a reáchtáladh clabhsúr mór an chomórtais agus ba é Gaoth Dobhair a sheas amach i gcluiche ceannais sinsear na bhfear, nuair a bhain siad le 0-17 go 1-11 ar Ard an Rátha. Bhí suntas ar leith leis an mbua sin do Ghaoth Dobhair, agus craobh shinsir Dhún na nGall á gnóthú acu den chéad uair ó 2012. Léirigh siad smacht, foighne agus taithí sa chluiche cinniúnach, agus beidh siad anois ag súil lena lorg a fhágáil arís ar an ardán náisiúnta.
I gcluiche ceannais sinsir na mban d’éirigh leis an Tearmann an chraobh a bhaint ar ais tar éis bliana as seilbh, agus bua 4-14 in éadan 4-8 acu ar Naomh Muire, Íochtar na Rosann. Tar éis dóibh géilleadh sa chluiche ceannais anuraidh tháinig foireann Johnny McCafferty ar ais le taispeántas údarásach. Bhí Geraldine Nic Lochlainn i measc na laochra ba mhó ar an lá agus ghnóthaigh sí gradam imreoir an chluiche, agus d’ardaigh an captaen Áine Ní Ghallchóir an corn i ndiaidh feidhmíocht láidir foirne.