Aodán Finnerty as Gaillimh buaiteoir náisiúnta Aistritheoirí Óga 2026

Cóilín Duffy

Buaiteoirí an comórtais aistriúcháin Aistritheoirí Óga a d’eagraigh Rialtas na hÉireann agus an Coimisiún Eorpach (ó chlé) Faith Nic Aogáin ó Ghaelcholáiste Cheatharlach, Aoibhin Nic Dhónaill ó Choláiste Feirste, Béal Feirste leis an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary T.D, buaiteoir uile-oileáin Aodán Finnerty ó Choláiste na Coiribe, Gaillimh, Méabh Ní Ghionnáin ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin sa Cheathrú Rua agus Orla Ní Alluráin ó Choláiste Íde i nDaingean Uí Chúis

Is é Aodán Finnerty, dalta de chuid Choláiste na Coiribe i nGaillimh, buaiteoir náisiúnta chomórtas Aistritheoirí Óga 2026, comórtas bliantúil a chuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus an Coimisiún Eorpach ar fáil i gcomhpháirt lena chéile.

Bhronn an tAire Dara Calleary TD duaiseanna ar Aodán agus ar cheathrar buaiteoirí cúige ag ócáid speisialta, agus aitheantas á thabhairt do scoth na n-aistritheoirí óga ó gach cearn den tír. Bronnadh duaiseanna cúige ar Méabh Ní Ghionnáin ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin sa Cheathrú Rua i gConamara do Chonnachta, Faith Nic Aogáin ó Ghaelcholáiste Cheatharlach do Laighin, Orla Ní Alluráin ó Choláiste Íde i nDaingean Uí Chúis don Mhumhain, agus Aoibhin Nic Dhónaill ó Choláiste Feirste i mBéal Feirste d’Ulaidh.

I mbliana ghlac 62 dalta ó 22 scoil páirt sa chomórtas, agus iad ag tabhairt faoi aistriúcháin go Gaeilge ón mBéarla, ón bhFraincis, ón nGearmáinis agus ón Spáinnis, rud a léirigh fairsinge agus éagsúlacht na scileanna teanga a bhí á gcothú acu.

Ag labhairt le An Páipéar, dúirt Faith Nic Aogáin gur bhain sí an-tairbhe phearsanta agus acadúil as an gcomórtas. “Tugadh píosa dom bunaithe ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, ábhar thar a bheith oiriúnach don chomórtas,” a dúirt sí. “D’fhoghlaim mé rud nó dhó mé féin faoi stádas na teanga fad is a bhí mé ag aistriú, buntáiste sa bhreis nach raibh mé ag súil leis.”

Mhínigh Faith gur oscail an taithí a súile ar chruthaitheacht an aistriúcháin chomh maith. “Níor thuig mé sular ghlac mé páirt ann go mbaineann cruthaitheacht leis an aistriúchán. Bíonn ort teacht aníos le foclaíocht agus frásaí deasa, ach ag an am céanna brí an bhuntéacs a chaomhnú.” Mhol sí go láidir do dhaltaí eile tabhairt faoin gcomórtas amach anseo.

D’admhaigh sí freisin gur tháinig an bua mar ábhar iontais di féin. “Bhí ionadh orm i dtosach nuair a chuala mé go raibh duais buaite agam, ach táim thar a bheith bródúil anois. Is spreagadh iontach é chun leanúint leis an aistriúchán amach anseo.” Thug sí moladh speisialta dá múinteoir Gaeilge, Bean Uí Chuinn, as an tacaíocht leanúnach.

Ag labhairt dó ag an mbronnadh, dúirt an tAire Calleary go raibh caighdeán thar a bheith ard le sonrú arís i mbliana, agus mhol sé obair agus díograis na rannpháirtithe uile. Dúirt sé gur léiriú soiléir an comórtas ar an líon daoine óga cumasacha atá ag teacht chun cinn agus a bhféadfadh gairmeacha tábhachtacha san Aontas Eorpach a bheith rompu amach anseo trí mheán na Gaeilge.

Is é seo an naoú heagrán den chomórtas, a bunaíodh in 2017 chun ardchaighdeán Gaeilge, ilteangachas agus suim i ngairmeacha teanga a chothú i measc daltaí meánscoile, agus léiríonn buaiteoirí na bliana seo go bhfuil todhchaí gheal roimh earnáil an aistriúcháin Gaeilge.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.